mercredi 28 avril 2010

Splanca tintrí


Diúltaím ó bhonn don smaoineamh go bhfuil seanleaid neamhbhásmhar éigin ag siúl thart i ndiminsean eile, nach é an diminsean seo againne é ach atá teorantach leis ar bhealach éigin - agus é ag caitheamh splanca tintrí isteach sa saol seo againne díreach ar mhaithe le cur as dúinn; Zeus nó Séas abair nó a leithéidí sin; Bolcán nó Vulcanus nó Hephaestos i gcás nithe a tharlaíonn faoin talamh.


Tá a fhios agam gur féidir le tintreach cur as do línte gutháin agus cáblaí idirlín ach ní hé sin a tharla sa chás seo agamsa - agus atá ag tarlú dom go rialta le tamall de mhíonna anuas - ach easpa smaoinimh agus easpa éifeachta an duine. Má théann tú ag tochailt poill sa bhóthar féach, le do thoil, nach bhfuil aon línte gutháin nó cáblaí idirlín ann...

Ach táim féin chomh dona le duine. Nuair a thosaigh an tochailt ar an tsráid lasmuigh den leabharlann anseo níor chuimhnigh mise ar shreanga ná ar cháblaí. Deirtear liom go bhfuil an fhadhb réitithe ach tá mo mhuinín as cumas an duine smaoineamh - mo chumas smaointe féin san áireamh - pollta.

Murar féidir liomsa smaoineamh i gceart ar rudaí atá ag tarlú faoi mo shrón gach lá a dtéim ag obair an ceart dom iontas a dhéanamh de murar féidir le daoine eile léamh mar is cóir ar rudaí atá ag tarlú na mílte méadar suas sa spéir os a gcionn, rudaí nár tharla riamh cheana lena linn, seans? Ach bhí géarchéim ann, a deir tú. Níl aon fhianaise ann go bhfios domsa go smaoiníonn daoine níos fearr agus níos éifeachtaí le linn géarchéime.

Céard é an chéad splanc eile? Ag dia éigin atá a fhios. Ach ní hionann fios agus freagracht.

5 commentaires:

  1. Ní bheinn ag cur locht ar bith ortsa féin. Éinne atá ag tochailt tá uimhreacha teileafóin ar fáil go héasca le fáil amach cad atá faoi thalamh.

    Agus gan amhras ba chóir go mbeadh a fhios ag an innealtóir roimh ré freisin.

    Níl aon leithscéal ar fáil don té a bhriseann líne de bharr tochailte

    RépondreSupprimer
  2. Réitím le Dubhaltach. Tá a leithéid de rud ann agus réamhullmhúchán nuair atá obair den sórt sin le déanamh!

    RépondreSupprimer
  3. An trioblóid anois go bhfuil an poll líonta agus níl fonn dá laghad ar aon duine é a thochailt arís - tá fianaise an droch-ghníomh curtha. Ach réiteach fadtéarmach - níl aon chinneadh déanta. Sin é an fáth a gceapaim go bhfuil an débacle beag seo againne ina mhicrea-rud éigin ar thubaistí níos mó.

    RépondreSupprimer
  4. Ach chéad splanc eile? Sa Ghréig, gan amhras...

    RépondreSupprimer
  5. Is ea a Shéamais agus stoirm mhór ag bagairt ar fud na hEorpa.

    RépondreSupprimer