jeudi 14 mai 2009

Goethe ag comhrá

Seanfhocail Goethe

Tá leabhar Eckermann trom go maith – Comhráití le Goethe – Gespräche mit Goethe; ach trom le fiúntas atá sé, dáiríre, ní de bharr na stíle atá soiléir agus arb í stíl shimplí an chín lae atá ann. Ach deir Goethe rudaí tromchúiseacha le hEckermann, rudaí arbh fhiú do dhuine smaoineamh orthu. Is é sin, eisíonn sé ráitis i bhfoirm comhrá go mb’fhéidir nár mhiste do dhuine glacadh dáiríre leo mar threoir iompair – gabh mo leithscéal a dhuine uasail, ach dúirt tú rud éigin ansin idir scian agus pláta ba mhaith liom a bhreacadh síos, fan nóiméad anois go bhfaighidh mé mó pheann is mó chártaí innéacs. (Glacaimid leis go raibh cuimhne mhaith chruinn – inchinn chéireach – ag Eckermann.) Leithéidí seo mar shampla, faoin dáta, Dé Luain, 3 Samhain, 1823, a nglacaim leis gur treoir do scríbhneoirí é:

Beharren Sie nur dabei und halten Sie immer an der Gegenwart fest. Jeder Zustand, ja jeder Augenblick ist von unendlichem Wert, denn er ist der Repräsentant einer ganzen Ewigkeit.

Déan seo: i gcónaí cloí go dlúth leis an am i láthair. Gach cás, gach nóiméad, dáiríre, tá fiúntas gan teorainn ann, mar is ionadaí é ar infinideacht iomlán.

Is sna comhráití seo le hEckermann a dúirt Goethe an abairt cháiliúil úd faoi na hÉireannaigh a ndúirt W.B. Yeats faoi san aiste leis, ‘The Tragic Generation’ in Autobiographies, go raibh na nuachtáin i Sasana lán de tar éis bhás Pharnell. ‘Fuascailt’ na gCaitliceach sa bhliain 1829 a tharraing an scéal anuas ag bord Ghoethe. Tugaim anseo a ndúirt Yeats agus ansin a ndúirt an file Gearmánach.

During the quarrel over Parnell’s grave a quotation from Goethe ran through the papers, describing our Irish jealousy: ‘The Irish seem to me like a pack of hounds, always dragging down some noble stag’.

Das ist die Sache. Und den Katholiken ist gar nicht zu trauen. Man sieht, welchen schlimmen Stand die zwei Millionen Protestanten gegen die Übermacht der fünf Millionen Katholiken bisher in Irland gehabt haben, und wie z. B. arme protestantische Pächter gedrückt, schikaniert und gequält worden, die von katholischen Nachbarn umgeben waren. Die Katholiken vertragen sich unter sich nicht, aber sie halten immer zusammen, wenn es gegen einen Protestanten geht. Sie sind einer Meute Hunden gleich, die sich untereinander beißen, aber, sobald sich ein Hirsch zeigt, sogleich einig sind und in Masse auf ihn losgehen.«

Sin é an chaoi a bhfuil sé. Ní féidir muinín a chur sna Caitlicigh. Feicimid gur ar éigean atá an dá mhilliún Protastúnach tar éis seasamh go dtí seo in éadan lámh in uachtar an chúig mhilliún Caitliceach; feicimid, mar shampla, an chaoi ar brúdh síos iad, an chaoi ar imríodh cleasanna orthu, an chaoi ar ciapadh iad, nuair a bhí siad timpeallaithe ag a gcomharsana Caitliceacha. Ní bhíonn na Caitlicigh ag tarraingt go maith lena chéile, ach dlúthaíonn siad le chéile i gcoinne an Phrotastúnaigh. Is geall le conairt iad, a bhíonn ag snapadh ar a chéile, ach a luaithe a thagann an fia beannach i raon radhairc, bailíonn siad uile le chéile ansin agus tugann siad faoi.

Níl an dara himleabhar de Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin agam le gur féidir liom a fháil amach a ndúirt seisean faoin scéal. Ach feicim in eagrán de Bhaldraithe go bhfuil an méid seo aige faoin 28 Deireadh Fómhair 1828.

Lá ciúin dorcha tirim. Daoine ag baint potátaí. Gaoth chiúin anoir aduaidh. Ceithre canóin nó gunnaí móra ag teacht trés an bhaile. Ach buíochas le Dia, ní raibh Leath Mogha chomh síochánta riamh is atá sé anois. Dá bhrí sin níl gá leis na gunnaí móra i gcoinne Chlanna Gael theas. Ach atá Sasanaigh Chúige Uladh agus Shasana .i. na Brunsuicéirí ar gabhair mar mhadraí fola chum na Caitlicigh do shlogadh.

‘Go fíochmhar’ atá i gceist le ‘ar gabhair’, is é sin bhí craos orthu. Geall le haistriú ar chuid Goethe é, sula ndúirt Goethe riamh é, ach an chreach is an creachadóir casta thart. Ach níl aon amhras cé aige a raibh na gunnaí móra.

Beidh tuilleadh agam faoi Eckermann sa chéad eagrán eile de Feasta.

2 commentaires:

  1. Ní mór smaoineamh gur ball den cinseal i Stát frithchaitliceach ab ea Geheimrat Goethe. Tá tagairt eile spéisiúil ann d'fhuascailt na nGael:

    3ú Aibreáin 1829
    Von Jesuiten und deren Reichtümern lenkte sich das Gespräch auf Katholiken und die Emanzipation der Irländer. ....
    "Bei den Katholiken", sagte Goethe, "sind alle Vorsichtsmaßregeln unnütz. Der Päpstliche Stuhl hat Interessen, woran wir nicht denken, und Mittel sie im Stillen durchzuführen, wovon wir keine Begriff haben"

    Bhí sceon ar an aicme sin roimh na hÍosánaigh, abair - bhí cosc ar Íosánaigh dul isteach san Iorua go dtí 1960!

    RépondreSupprimer