
Ach mar a dúirt mé anuraidh, cé mise le bheith ag iarraidh daoine a nochtadh! Agus sin é an fáth, a chairde, nár chuala sibh oiread sin uaim le tamall agus nach gcloisfidh sibh oiread sin uaim amach anseo – ainneoin an chineáltais a léirigh sibh dom i gcónaí agus an fháilte a chuir sibh romham. Ach is fearr liom fanacht faoin gclóca dubh; taithím de rogha na cúinní dorcha, na dorchlaí rúnda; maith liom i gcónaí cuimilt amhrasach na scáth; cuimhní beophianta in aimsir an mhíshonais ar uair an tsonais ná ceapadh – mar a dúirt Dante, má dúirt. Is é sin le rá, is fimíneach rómánsach mé.
Ach láithreoidh mé anseo anois is arís, mar atá mé ag laithriú in áiteanna léannta leis na cianta, méar thaipseántach na láimhe deise sáite i seanchodex lámhscríofa atá fáiscthe le mo chliabhrach, méar thaispeántach na láimhe clé dírithe – sa mhéid is gur féidir liom mo sheamhéara craplaithe a dhíriú ar chor ar bith – ar thaibhse éigin ar an taobh thall den seomra léitheoireachta – cé leis a bhfuil sé cosúil? Bismarck? Bethmann-Hollweg, b’fhéidir? Ní hea, is é Karl Helfferich atá ann. Cé eile!