
Diúltaím ó bhonn don smaoineamh go bhfuil seanleaid neamhbhásmhar éigin ag siúl thart i ndiminsean eile, nach é an diminsean seo againne é ach atá teorantach leis ar bhealach éigin - agus é ag caitheamh splanca tintrí isteach sa saol seo againne díreach ar mhaithe le cur as dúinn; Zeus nó Séas abair nó a leithéidí sin; Bolcán nó Vulcanus nó Hephaestos i gcás nithe a tharlaíonn faoin talamh.
Tá a fhios agam gur féidir le tintreach cur as do línte gutháin agus cáblaí idirlín ach ní hé sin a tharla sa chás seo agamsa - agus atá ag tarlú dom go rialta le tamall de mhíonna anuas - ach easpa smaoinimh agus easpa éifeachta an duine. Má théann tú ag tochailt poill sa bhóthar féach, le do thoil, nach bhfuil aon línte gutháin nó cáblaí idirlín ann...
Ach táim féin chomh dona le duine. Nuair a thosaigh an tochailt ar an tsráid lasmuigh den leabharlann anseo níor chuimhnigh mise ar shreanga ná ar cháblaí. Deirtear liom go bhfuil an fhadhb réitithe ach tá mo mhuinín as cumas an duine smaoineamh - mo chumas smaointe féin san áireamh - pollta.
Murar féidir liomsa smaoineamh i gceart ar rudaí atá ag tarlú faoi mo shrón gach lá a dtéim ag obair an ceart dom iontas a dhéanamh de murar féidir le daoine eile léamh mar is cóir ar rudaí atá ag tarlú na mílte méadar suas sa spéir os a gcionn, rudaí nár tharla riamh cheana lena linn, seans? Ach bhí géarchéim ann, a deir tú. Níl aon fhianaise ann go bhfios domsa go smaoiníonn daoine níos fearr agus níos éifeachtaí le linn géarchéime.
Céard é an chéad splanc eile? Ag dia éigin atá a fhios. Ach ní hionann fios agus freagracht.