
Obair mhór atá i gceist le leabhar a scríobh agus bíonn an-leisce orm locht a fháil ar scríbhneoir ar bith. Ach caithfear admháil, tá a leithéid de rud agus droch-scríbhneoireacht ann - agus foilsítear cuid di. Táim ag léamh leabhair i mBéarla faoi láthair agus tá sé go dona; chomh dona sin nach dóigh liom go gcuirfí i gcló é dá mba i nGaeilge a scríobhfaí é.
Is maith liom scéalta bleachtaireachta agus mar is eol do léitheoirí
Feasta d'éirigh liom a mbun is a lorg a chur le cabhair leabhar breá James Morton,
The First Detective (Ebury Press, 2004). Ach is beag rud chomh dona le drochleabhar bleachtaireachta agus tá faitíos orm gurb in atá sa leabhar seo:
Seventy-Seven Clocks le Christopher Fowler (Bantam Books, 2006).
Phioc mé suas é mar léitheoireacht do na laethanta saoire agus bhí sé de cheart agam a leagan uaim ach bíonn leisce orm sin a dhéanamh le leabhar ar bith; fiú is gur léigh
Postern of Fate le hAgatha Christie arbh é an leabhar ba mheasa dár léigh mé riamh é (ba é a ceann deireanach é).
Tá leabhar Fowler treallach agus beagéifeachtach lán le mistéireachas gan bonn, cur síos neamhdhóchúil, agus pearsana do-aitheanta. Tá cuid den scríbhneoireacht chomh dona sin go bhfuil sé greannmhar, léithéidí 'The book-lined room was richly textured with inlaid wooden panels' ar lch 295. Tugaimse scríbhneoireacht sceabhach ar a leithéid sin mar tá sé dírithe, ní ar an ábhar a bhfuil cur síos le déanamh air, ach ar rud ceoch éigin in intinn an scríbhneora nó sa chultúr a bhfuil sé ag iarraidh a bheith páirteach ann.
Ach is beag leabhar nach mbíonn rud éigin fiúntach ann. Cuid mhór de phlota an scéil tá sé bunaithe ar an bpictiúr thuas 'The Favourites of the Emperor Honorius' le
John William Waterhouse (1883) - nó leagan de a chuirtear i gcás sa scéal. Bhí an tImpire Honorius, deirtear, chomh tógtha lena chuid peataí, na colúir nach raibh am aige éisteacht leis an toscaireacht a tháinig chuige le rá leis go raibh an Róimh tar éis titim agus i lámha na nGotach (sa bhliain 410).