tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post3662873614860881565..comments2024-02-08T05:06:41.070+00:00Comments on Anuas den tSeilf: Dí-ainmCailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comBlogger4125tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-81728232329617234672010-05-08T15:37:36.610+01:002010-05-08T15:37:36.610+01:00B'fhéidir nár chóir aistí tráchtaireachta ná t...B'fhéidir nár chóir aistí tráchtaireachta ná tuairimíochta a fhoilsiú mura bhfuil na húdair sásta a n-ainm a chur leo. Bheadh drogall orm a leithéid a dhéanamh cibé ar bith.

Ach sílim gur rud eile ar fad é aistí cruthaitheacha a fhoilsiú faoi ainm pinn. Ní ar ainm an údair ach ar chaighdeán na scríbhneoireachta iontu a bhraitheann fiúntas an tsaothair liteartha. Caithfidh siad a mbealach féin a dhéanamh sa saol, gan chabhair ón tuiste a ghin iad.Myles an Nissan Micrahttps://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-55975803798380627772010-03-16T19:43:22.817+00:002010-03-16T19:43:22.817+00:00Bhuel, is Mise Áine, agus is léir cé mé féin, ceap...Bhuel, is Mise Áine, agus is léir cé mé féin, ceapaim, ach bainim úsáid as an neamhainmníocht sin atá luaite agat, a Chailliomachais, agus daoine ar m'aithne, nó daoine muinteartha liom, mar ábhar sa bhlag agam - cé go bhfaighim cead uatha i gcónaí scéal a roinnt sula roinnim é! Is é mo thuairim, ar aon nós, go mbeidh a fhios ag daoine, tar éis tamaill, cé tú féin, agus ní scríobhaim a dhath a ghortódh aon duine - tá súil agam!

Ach, mar is eol daoibh, a Dennis agus a Chailliomachais, ní réiteoidh gach duine le gach atá le rá againn, agus ní dochar sin, mar sin mar atá an saol - chuile dhuine agus a fhírinne féin acu.

Áthas orm go bhfuil do bhrú fola faoi smacht agat, a chara, ach ní féidir an rud céanna a dhéanamh le meon an duine, mar sin, bí ag 'claidhreacht' leat...;-)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-52863289467531029172010-03-15T10:21:33.281+00:002010-03-15T10:21:33.281+00:00Is féidir: má chaitheann tú an clóca dí-ainm. Nó b...Is féidir: má chaitheann tú an clóca dí-ainm. Nó ba é sin a shíl mé. Nílim cinnte níos mó.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-32010732411741399692010-03-15T00:46:59.863+00:002010-03-15T00:46:59.863+00:00Ní thuigim go beacht. Tá domhan na Gaeilge an-bhea...Ní thuigim go beacht. Tá domhan na Gaeilge an-bheag, agus tá níos lú daoine fós ann a shaothraíonn na teanga mar a dhéanann tú féin. Ní féidir a bheith “ar nós an duine óig sa chathair mhór” i mBaile na Gaeilge!Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.com