tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post2892259690199753104..comments2024-02-08T05:06:41.070+00:00Comments on Anuas den tSeilf: Cui bono?Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comBlogger6125tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-9412164690804967732010-02-16T13:23:52.614+00:002010-02-16T13:23:52.614+00:00A Chailliomachais, nuair a léigh mé an mhír seo ua...A Chailliomachais, nuair a léigh mé an mhír seo uait, chrom mé ar shraith a scríobh i mo bhlag féin faoi scríbhneoirí móra na Fionlainne, le cur le saíocht na Gaeilge. Níl an chéad mhír críochnaithe agam go fóill ach tá an leagan neamhchríochnaithe ann agus é le léamh cheana féin. http://gaeilgepanu.blogs.iePanuhttps://www.blogger.com/profile/14926020651366624142noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-8600536099216488382010-02-07T23:12:57.023+00:002010-02-07T23:12:57.023+00:00Níor léigh mé leabhar Mhuireann Ní Bhrolcháin, a D...Níor léigh mé leabhar Mhuireann Ní Bhrolcháin, a Dennis, agus níl sé ar bharr an liosta agam... agus maidir lena ndúirt do chara, mar a deireadh pearsa i gclár grinn Sasanach éigin 'I couldn't possibly comment.'<br /><br />Agus cinnte, Ormondo, tá 'coimhthíos' éigin ag baint le haistriúcháin áirithe, go háirithe domsa, aistriúcháin ar an nGaeilge, ach amanta braitheann sé ar an aistriúchán. Bhí mé sásta na blianta ó shin le Táin Thomas Kinsella - ach ní ró aon bhaol gur shíl mé gurb ionann é agus An Táin.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-20777624998325059152010-02-06T22:00:26.530+00:002010-02-06T22:00:26.530+00:00Ar aon nós is é mo bharúil ar uairibh gur sórt tai...Ar aon nós is é mo bharúil ar uairibh gur sórt taithí ionadaí í a bhfuil gné mhíshásúil ag baint leis aistriúchán a léamh i do theanga féin de shaothar a scríobhadh i dteanga eile. <br /><br />Ach ní féidir teacht thart air sin go minic toisc an teanga eile gan a bheith ar ár dtoil againn!ormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-43466285072390886902010-02-05T01:00:46.025+00:002010-02-05T01:00:46.025+00:00Dála an scéil, an bhfuil An Introduction to Early ...Dála an scéil, an bhfuil <em>An Introduction to Early Irish Literature</em> le Muireann Ní Bhrolcháin léite agat? Dúirt cara liom (scoláire Sean-Ghaeilge an bhfuil an Ghearmáinis mar mháthairtheanga aige) nach mbeadh sé ag súil le rud ar bith ró-shásúil uaithi. Ach cá bhfios? Ní bheidh deis agam súil a chaitheamhh air in aon siopa leabhar abhus anseo, mar sin ní féidir liom barúil a thabhairt de “saor in aisce”.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-81014959024297734872010-02-04T23:34:41.784+00:002010-02-04T23:34:41.784+00:00Cinnte. Ná níl aon rud agam in aghaidh leabhar agu...Cinnte. Ná níl aon rud agam in aghaidh leabhar agus aistí i mBéarla faoi stair agus saíocht na Gaeilge etc. Is maith ann iad. Ach ba mhaith liom a leithéid a fheiceáil i nGaeilge freisin. Ba mhaith liom léamh faoi Fhlaithrí Ó Maol Chonaire, mar shampla, i nGaeilge. Déarfainn gur mhaith le Flaithrí féin é, dá mba bheo dó. An t-ábhar gearáin atá agam gur i mBéarla amháin a scríobhann formhór na scoláirí seo sna réimsí léinn atá acu - bíodh is gurb í an Ghaeilge atá ag cur an t-ábhar ar fáil dóibh ar a saothraíonn siad a gcuid.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-15737361760713563692010-02-04T20:31:13.893+00:002010-02-04T20:31:13.893+00:00N'fheadar. Nach féidir go meallfadh a leithéid...N'fheadar. Nach féidir go meallfadh a leithéidí daoine le dul ar tóir an mbunrud?aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.com