Flaithiúnas na tíre caillte? Buiséad á dheachtú ag an IMF? Ní dóigh liom é. Ní hé an IMF ná Banc Ceannais na hEorpa a dúirt leis an Rialtas gearradh siar ar liúntas lucht an mhíchumais agus ná ar liúntas na ndaoine a bhíonn ag tabhairt aire dóibh. Ní hiad a dúirt leo gearradh siar ar an liúntas leanaí, ar thógáil scoileanna, agus ar cheannach trealamh leighis.
Cé dúirt leis an Rialtas é sin a dhéanamh? Cé eile, dar liom, ach an duine anaithnid. Duine a bhfuil a ainm ar eolas ag roinnt daoine ach ar deacair aon eolas cruinn a fháil air. Cuardach a rinne mé féin ar an idirlíon ní bhfuair mé d'eolas air ach a leithéidí seo: go bhfuair sé céim i UCD agus, má thuigim an tuairisc i gceart, ceann eile in Washington. Tá sé ina státseirbhíseach le fada an lá agus ina Rúnaí Ginearálta ar an Roinn Airgeadais le cúpla bliain (theip orm a fháil amach cén bhliain a ceapadh é mar ní raibh dáta leis an
bpreasráiteas a d'eisigh an Roinn Airgeadais ag an am). Seo pictiúr de. Déarfá le breathnú air gur duine lách é.
Kevin Cardiff
Cé
mise le bheith ag caint ar dhaoine anaithnide? Dáiríre níl aon chead cainte agam. Ach amháin sa chomhthéacs seo. Is duine anaithnid gan chumhacht mise. An fear a bhfuil a phictiúr thuas is é an duine is cumhachtaí sa tír é. Mura gcreideann tú sin, léigh an píosa beag seo as an bpreasráiteas úd.
As the financial crisis developed over the past 18 months, Mr Cardiff was asked to concentrate solely on financial services matters. In this role, he has worked closely with the Minister in formulating the Government’s response to the crisis.
Ba cheart go mbeadh an chaint ar fad inniu, lá na cáinaisnéise móire, faoi Kevin Cardiff, na prionsabail a d'úsáid sé agus an buiséad á dheachtú aige, an ídé-eolaíocht atá aige, an fhís atá aige don tír, an rud is dóigh leis is náisiún na hÉireann ann.