mercredi 9 juin 2010

Adhmholadh d'Adhmhaidin

Is breá liom Adhmhaidin. Is fiú éisteacht leis i gcónaí ach nuair a bhíonn an meascán ceart ann is ardú croí agus meanman é. Bhí an t-ádh liom maidin inniu gur chaill mé scéal uafáis na mban ar dúradh leo go raibh a leanaí marbh sa bhroinn nuair nach raibh. Is ag am lóin a fuair mé amach faoi. Chiallaigh sin gurb é an chéad rud a chuala mé Breandán Ó Lionaird ag caint faoin halla atá le tógáil le taobh Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Dúirt sé rud a bhain gáire asam: gheall an Roinn Oideachais halla dúinn, a dúirt sé ... fan anois, a léitheoir, ... cé méad bliain ó shin? ... cúig bliana ó shin? deich mbliana ó shin? ... ní hea ... cúig bliana déag ó shin! Ansin bhí an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh ag caint faoin Tuirc i gcomhthéacs na n-ionsaithe is déanaí ag Iosrael: cur síos cuimsitheach tomhaiste ag críochnú le pointe rí-spéisiúil, go bhfuil ar chumas na Tuirce go leor uisce a chur ar fáíl d'Iosrael in aimsir triomachta. Ansin bhí fear agus iníon as Cor na Móna, Seán agus Caitríona Uí Mháille, ag caint ar an gcaoi nach bhféadfaidís teach a thógáil ar an talamh acu féin mar gheall ar Bhord Soláthair an Leictreachais - Gaeilge bhreá lán focal Béarla ag Seán, fearg agus frustrachas ina chuid cainte. Bhí Eoin Ó Murchú ag tabhairt tuairisce faoi na tuarascála is déanaí faoin tubaiste eacnamaíoch, stuama mar is iondúil leis. Sa deireadh bhí tuairisc faoin droch-sholáthar uisce i Machaire Rabhartaigh agus an chaoi a raibh sin ag cur as do chúrsaí Gaeilge agus don turasóireacht.

Scoth an phlé ar an nuacht idirnáisiúnta, náisiúnta, agus áitiúil. Maidir leis an nuacht áitiúil thacaigh sé leis an téis atá agamsa le fada gurb iad na státseirbhísigh agus an lucht riartha atá ag coinneáil lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta síos. Piolóin á dtógáil i ngarrantaí daoine. Cúig bliana déag ag tógáil halla Agus píobáin uisce ag pléascadh de shíor i gceantar turasóireachta agus coláistí samhraidh. A leithéid de script mhagaidh.

Ach ní magadh é. Deir na húdaráis náisiúnta le pobail na Gaeilge maratóin idéalachais agus comhoibrithe a rith agus ansin ceanglaíonn siad slabhraí faoina gcosa.

Sea. Ach adhmholadh d'Adhmhaidin as an nuacht a thabhairt chugainn. Is iontach an tús leis an lá é, dá dhonacht í an nuacht chéanna go minic.

vendredi 4 juin 2010

An tImeall

Caithfidh mé a rá gur bhreathnaigh Aonghus na Smaointe Fánacha agus Tomás Ó Conghaile an-mhaith sa Mhúsaem Cló ar Imeall TG4 agus iad ag caint ar an mblagaireacht is faoin mblagáil. Réaltaí teilifíse na blagaireachta iad anois gan aon dabht. Go maire sibh beirt.

Tá ábhar sásaimh ag duine eile freisin, mar gheall ar an gclár, duine nach raibh ann mar a tharlaíonn. Is é sin an blagadóir áirithe seo, mise, Cailliomachas. Tá an mhír seo liomsa le feiceáil ar an teilifís, níl a fhios agam cén fáth. Ach dá bhfeicfeadh sibh an straois a bhí orm agus mé ag breathnú air! Ar ndóigh sin an leathanach ar a ndeirim gur fearr liom fanacht faoi scáth. Mar sin ní ceart dom a bheith ag únfairt san fhéinsástacht mar atá mé... go háirithe agus blagadóirí eile ann atá ag freastal, ar iliomad bealaí, i bhfad níos fearr ná mise ar an sféar seo againne (breathnaítear ar imeall deas bhlag Mise Áine, mar shampla, faoi 'blagálaithe eile').

Ach mar a deir Aonghus is aisteach an meán é an teilifís. Sé nóiméad lena bhfuil ag tarlú sa bhlagaireacht Ghaeilge a léiriú! Ní féidir é. Ach thug an bheirt an-spléachadh dóibh siúd atá ar an imeall.

lundi 31 mai 2010

Samhradh Samhradh



Is breá liom teacht ar phíosaí ar YouTube nach bhfuil mórán daoine tar éis breathnú orthu. Tháinig mé ar an gceann iontach seo inniu - saithe beach. Gan aon mhagadh, tá an samhradh tagtha. An bhfuil a fhios ag aon duine cé tá ag déanamh tráchtaireachta? Feictear dom go bhfuil fios a ghnótha aige.

dimanche 30 mai 2010

Más maith is mithid


Tá sí faoi bhláth faoi dheireadh, an sceach gheal. Bhuel, le bheith féireáilte di tá sí faoi bhláth le seachtain nó deich lá anois. Ach bhraith mé go raibh sí mall i mbliana. Ar aon chuma sin thuas pictiúr a thóg mé agus mé faoin tuath ag an deireadh seachtaine.

Is le scrios Chathair Chonstaintín i 1453 a chuireann Maurice Craig tús lena leabhar breá ar Bhaile Átha Cliath, Dublin 1660-1860, is é sin le scaipeadh na scoláirí is na lámhscríbhinní tar éis na gabhála sin agus an chaoi ar chuidigh a n-athdháileadh leis an Renaissance san Eoraip. Leanann sé air sa dara halt:
Like a seismic ripple or the last reverberation of a tidal wave, this great Levantine catastophe spread its rings until, two hundred years later, a little wave washed up the sands of a remote western shore, and James Duke of Ormonde stepped out of his pinnace on to the sands of Dublin Bay. The Renaissance, in a word, had arrived in Ireland. It was July the 27th in the year 1662. The peasantry welcomed him on the shore, dancing and strewing flowers in his path. They sang, in Irish, 'Thugamar féin an samhra linn.'
Ní hiad bláthanna na Bealtaine a chaith siad roimhe is léir ná ní mó ná sásta a bhí Dáibhí Ó Bruadair le Diúc Urmhumhan a theacht go hÉirinn.

Bunting a bhí mar fhoinse eolais ag Craig. 'It was sung,' arsa an bailitheoir cáiliúil sa réamhrá dá chéad imleabhar, A General Collection of the Ancient Irish Music (1796), 'by the band of Virgins that went out of Dublin to welcome the Duke of Ormond when he landed in Ireland.' Má thug Séamas Buitléir an Renaissance leis - agus má ba mhaith ba mhithid is dócha - ba san ailtireacht é agus sin trí Bhéarla, is cosúil. Ar fhág sé Maighdeana an tSamhraidh ar an trá fholamh, mar sin? Ar aon chuma, tá an t-amhrán go deas agus níorbh aon stró ar mhuintir na príomhchathrach - bhí Gaeilge dhúchasach riamh i mBaile Átha Cliath - é a rá. Seo daoine eile a chanadh.

mardi 18 mai 2010

Sicín labhrais le hanlann oráiste

Seo béile a réitigh mé cúpla lá ó shin. Oideas de mo dhéantús féin é. Do dhuine amháin é ach ní bheadh sé deacair cur leis de réir mar a theastódh. Tugaimse sicín labhrais le hanlann oráiste air. Brollach sicín atá i gceist a cuireadh i maranáid – nó ar maos – ar feadh dhá uair a chloig ar a laghad. Bruitear san oigheann ansin é. Réitigh mé dingeacha prátaí agus scamhadh cairéid le dul leis.

Ní feoilséantóir mé, is léir. Os a choinne sin nílim gan bá leo siúd a shéanann an fheoil agus leo siúd a shéanann ábhar ainmhíoch. Mar shampla, ritheann sé liom go bhfuil gá againn le hanlanna le sicín anois mar gheall ar an gcaoi bharbartha a dtairgtear cuid mhaith feola – na mílte sicíní sáinnithe i gcliabháin mar shampla. Trí bhrollach sicín a cheannach in ollmhargadh táimse ag tabhairt tacaíochta do mhodh tairgthe nach n-aontaím leis agus ag léiriú easpa atrua do chréatúir eile na cruthaitheachta seo. Goilleann sin orm. Os a choinne sin, tar éis lá oibre amuigh faoin aer, ag an deireadh seachtaine, bhain mé an-sult an an mbéile seo.

Comhábhair

An Fheoil
Brollach sicín

An Mharanáid
2 spúnóg boird ola olóige
½ gloine fíona (geal is fearr agus den chineál a bheidh tú ag ól leis an mbéile más féidir – ag glacadh leis go mbeidh tú ag ól fíona leis an mbéile)
sú oráiste
taespúnóg anlann soighe
duilleog nó dó sáiste
slám duilleoga úra labhrais

Anlann oráiste
spúnóg milseoige de phlúr bán
cnap maith ime
beagán uisce
sú leath oráiste

Le dul leis
trí phráta (nó pé méid is maith leat)
cairéad tiubh

Modh

Cuir an sicín ar maos sa mharanáid tamall roimh ré.

Gearr na prátaí ar a bhfad in ocht slisne. Má tá na slisní rómhór ansin gearr trasna arís iad. Caith iad timpeall i mbabhla a bhfuil spúnóg boird ola olóige ann. Sula dtógann tú amach iad caith roinnt gráinní salainn orthu. Féadfaidh tú do rogha luibheanna triomaithe a chur leo freisin. Tóg amach ansin iad agus cuir ar leathán bácála iad agus cuir san oigheann iad ag teas (180°C nó 200°C nó marc 6). Ba cheart go mbeidís bruite go maith faoi cheann trí cheathrú uaire.

Agus sin déanta, réitigh mias bácála don sicín. Réitigh mise mar seo é. De bhrí go raibh crann labhrais bearrtha agam, bhrís mé suas cipíní ón gcrann agus chuir mé in íochtar na méise iad, thart ar trí shraith de chipíní muin marc ar a chéile agus cúig nó sé cipín i ngach sraith. Idir na cipíní chuir mé trí dhuilleog labhrais. Chuir mé gloine uisce anuas air sin ach níor chlúdaigh mé na cipíní ar fad.

Tóg an brollach sicín as an maranáid agus lig dó sileadh beagán. Leag anuas ar na cipíní sa mhias é. Cuir beagán scragaill anuas air, ach ná clúdaigh an mhias ar fad leis, díreach dóthain leis an sicín a choinneáil ó dhó. Féadfaidh tú an scragall sin a bhaint deich nóiméad nó mar sin roimh dheireadh na cócaireachta. Cuir é sin san oigheann leis na dingeanna prátaí. Beidh thart ar leath uaire an chloig ag teastáil uaidh.



Fáisc an sú as leath den oráiste. Déan roux leis an im agus an bplúr – leáigh an t im i bpota beag agus measc an plúr leis agus bruith iad ar feadh trí nóiméad nó mar sin, ag oibriú na spúnóige adhmaid i gcónaí. Bain den teas é agus cuir spúnóg boird uisce leis, á mheascadh i gcónaí. Coinnigh ort ag cur uisce leis de réir a chéile mar sin agus á meascadh go dtí go mbíonn ina leacht tiubh. Cuir an sú oráiste leis. Cuir ar ais ar an teas é agus fiuch é. Bain fiuchadh bog as go ceann trí nóiméad nó mar sin. Bain den teas é agus coinnigh te é.

Glan an cairéad. Tosaigh á scamhadh le scamhaire agus lean ort go dtí go mbeidh carn deas scamhadh agat agus cipín de chairéad. Ní gá duit an chéad scamhadh a choinneáil murar maith leat.

Cúpla nóiméad sula dtógann tú na prátaí agus an sicín as an oigheann cuir uisce ag fiuchadh. Cuir beagán salainn ar an uisce. Nuair tá sé ar fiuchadh caith an scamhadh cairéid isteach ann. Tabhair cúpla nóiméad dó – nóiméad nó mar sin tar éis don uisce fiuchadh arís. Ansin tóg an scamhadh amach arís agus cuir ar phláta é. Idir an dá linn beidh an sicín tógtha as an mias agat agus na prátaí curtha ar an bpláta freisin (ag glacadh leis go bhfuil bruite chun do shástachta).

Bain sult as.

lundi 10 mai 2010

Rún na garraíodóireachta


An tráthnóna faoi dheireadh agus an ghrian ag dul faoi, mórán mar atá sí ag déanamh anois, i bhfallaing sheomra dheargóir, bhí mé an-bhuíoch go raibh leithscéal agam a bheith amuigh: an gairdín. Sin é é, a dúirt mé liom féin, sin é rún na garraíodóireachta. Leithscéal atá ann dul amach sa dea-aimsir. Tá leithscéalta eile ann: galf, an madra, siúlóid. Ach is beag ceann ar féidir oiread céanna ama a chaitheamh leis agus atá a bheag nó a mhór faoi do smacht féin. Go dtí seo bhí mé ag breathnú ar an ngarraíodóireacht mar obair, mar dhualgas. Nach orm a bhí an dul amú.

Mar chomhartha ar an aoibhneas a bhaineann leis an bheith amuigh seo (garraíodóireacht) theastaigh uaim pictiúr de thom aitinn a phostáil - tháinig an boladh ar an aer chugam gan choinne agus mé i mbun 'garraíodóireachta' - cócónat éalaitheach le hiarracht lag de cholainn agus chuimhne - ach féach gur bhain An Códú an bhearna díom. Tá an pictiúr seo agamsa tógtha le cúpla lá ach ní fhaighim deis ar an idirlíon chomh minic sin na laethanta seo. Ach ar aon chuma, cár mhiste aiteann eile.