jeudi 11 février 2010

Polaitíocht agus intleacht

Ní theastaíonn uaim mórán a chur leis an tráchtaireacht ar an gcor is déanaí i bpolaitíocht na tíre - éirí as George Lee, T.D. (Tráchtaire Drochscéil, Teachta Díchairdiúil, Treascóir Dóchais) - ach ar tharla a chur i gcomhthéacs an mhéid a dúirt mé cheana faoin gcaoi nach féidir leis an gcóras againn - an córas polaitiúil ná córas na státseirbhíse - déileáil le fadhbanna na tíre agus iad a réiteach. Léiríonn cás Lee nach féidir le haon duine tionchar a imirt ar chumhacht rialaithe na tíre nach polaiteoir Éireannach é, sin nó státseirbhíseach coimeádach. Ní hé sin le rá nach bhfuil go leor polaiteoirí éirimiúla againn agus státseirbhíseach coimeádach cumasach. Ach cuma cé chomh éirimiúil nó cumasach is atá tú níl seans agat tionchar a imirt ar rialú na tíre mura bhfuil scil agat sa pholaitíocht nó sa riarachán coimeádach. Ní cosúil go bhfuil ceachtar acu ag George Lee.

An duine eile ar smaoinigh mé air sa chomhthéacs seo, Bill Tormey, Comhairleoir d'Fhionnghlas i mBaile Átha Cliath - duine éirimiúil cumasach a bhfuil go leor le rá aige mar shampla faoi chóras sláinte na tíre (A Cure for the Crisis – Irish Health Care in Context, Blackwater Press, 2003), agus ar tráchtaire raidió páirtaimseartha é féin. Bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre ach d'éirigh sé as agus chuaigh sé le Fine Gael. Is leo atá sé ó shin. Rith sé liom gur duine eile é Bill Tormey a d'fhéadfadh cur go mór le acmhainní intleachtacha lucht rialaithe na tíre ach a mbeadh deacracht aige luí isteach le córas na polaitíochta Éireannaí.

Tá go maith. Bhí an-spéis agam a fheiceáil mar sin gur scríobh an Comhairleoir as Fionnghlas litir oscailte chuig George Lee, T.D., ar an mblag seo aige. Tá sé i gcoinne an T.D. Lee. Ritheann sé leis gur 'bit of a prat' é. Ach má léann muid ar aghaidh feicimid go ndéanann Tormey díreach an pointe atá déanta agam féin. Rinne Fine Gael neamhsuimh de, deir sé. Admhaíonn sé go bhfuil sé fágtha as comhairlí an pháirtí ar chúrsaí sláinte, ainneoin a leabhair agus a thaithí 25 bliain mar lia chomhairleach ospidéil. Ach admhaíonn sé chomh maith go bhfuil daoine níos fearr ná eisean i mbun polasaí leighis a phleanáil don pháirtí.

Is ea b'fhéidir go bhfuil. Ach léiríonn litir an Dr Bill Tormey an méid stríocadh a chaithfidh an t-intleachtach Éireannach a dhéanamh le go mbeadh aon ghlacadh leis sa chóras polaitiúil. Ní miste beagáinín umhlaíochta - agus léiríonn Tormey umhlaíocht phraiticiúil réalaíoch sa litir - ach is bocht an scéal é agus drochthuar do thodhchaí na tíre nuair a chaithfidh duine dá chumas, dá éirim, a bhfuil oiread sin taithí aige ar an gcóras sláinte, a lámh a chur in airde agus cead cainte a iarraidh mar a bheadh buachaill dána ag bun an ranga.

Nó an é atá i gceist, nuair a thréig formhór mhuintir na tíre an Ghaeilge agus d'iompaigh ar an mBéarla briste gur thug siad cúl le cibé cé méid intleachtachais a bhí acu agus thaobhaigh le meon díchultúraithe frith-Ghaelach na naoú haoise déag. Ní hé an córas polaitíochta atá frith-intleachtach ach cultúr uile na tíre anglafónaí arb iad na polaiteoirí a hionadaithe dílse agus a heiseamláirí fíorasacha.

mercredi 10 février 2010

Hippo fliuch ramhar

Táim go mór in éad le leithéidí COC ar féidir leo spriocanna a chur rompu chun meáchan a chailliúint... agus cloí leo. Faoi láthair táim 72.64 k. Ní duine mór cnámhach mé mar sin táim ar a laghad 10k níos troime ná mar ba mhaith liom. An trioblóid gur blonag, mar a deir COC, atá ann, ní matáin, é lonnaithe sa bholg go háirithe. Bhain mé ballraíocht amach i ngiomnáisiam - nó b'fhéidir gur spórtlann aclaíochta é nó spórtlann corpacmhainne - ach níor thaobhaigh mé an áit fós. Sin iad rúnta na bliana nua duit. Ar aon chuma, ciallaíonn sin uile, ó thaobh mo cholainne de, go mbím á iompar féin rud beag cosúil leis an ainmhí san fhíseán seo - físeán Gaeilge nach raibh ach ceathrar tar éis breathnú air nuair a chonaic mise é. Céard a theastaíonn uaim a rá libh? Tugaimis lántacaíocht don hippo fliuch ramhar? Tugaimis spreagadh dó le dul chun na spórtlainne?

jeudi 4 février 2010

Cui bono?



Ag léamh léirmheasa ar an Irish Times dom Dé Sathairn ar leabhar le Caroline Alexander, The True Story of the Iliad, rith an cheist seo liom go fánach: An bhfuil an leabhar seo ag cur le saíocht agus cultúr an Bhéarla nó le saíocht agus cultúr na Gréigise? Le saíocht agus cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.


Mar sin na leabhair agus na haistí Béarla a scríobhtar oiread sin acu faoi litríocht agus faoi stair na nGael: An ag cur le saíocht agus le cultúr na Gaeilge atá siad nó le saíocht agus le cultúr an Bhéarla? Le saíocht agus le cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.


Go raibh maith agaibh a scoláirí.

mardi 19 janvier 2010

Fonn a fhanann

Le cúpla lá anuas tá an fonn seo ag dul timpeall i mo chloigeann agus ní féidir liom fáil réidh leis - dá dteastódh uaim fáil réidh leis, agus sin ceist eile, mar is breá liom an fonn. Sílim go raibh caint ar a leithéid seo cheana i measc na mblagairí (anseo go cinnte, ach roimhe sin freisin, shíl mé). Ar aon chuma seo taifead maith den téama. Ach foláireamh: má thaitníonn sé ar chor ar bith leat seans go bhfanfaidh sé leatsa freisin. Ag 1:00 a thosaíonn an fonn i gceart. Bí réidh dó.



Bealach amháin, b'fhéidir le fáil réidh le péist chluaise amháin, ceann eile a chur ina háit. Seo fonn eile a thaitníonn liom, an Andante Cantabile leis an gcumadóir céanna. Níl sé baileach chomh greamaitheach céanna agus ar an ábhar sin b'fhéidir go n-oibreoidh sé níos fearr mar 'antainimh'.

mercredi 13 janvier 2010

Mise mé féin


Thosaigh sé le Scott ag lorg stíle dó féin. Ansin d'aistrigh an plé go Nótaí Imill. Cén chaoi a d'aistreofá 'Be yourself' go Gaeilge? Ó thaobh brí na habairte de d'aistrigh Proinsias go breá é i rith na díospóireachta: 'Bí dílis duit féin.'

Is é an chaoi a bhfuil sé, níl aon mhodh ordaitheach ag an gcopail. Cén fáth a mbeadh? Dhá fheidhm atá leis an gcopail: (a) a rá gurb ionann dhá rud agus (b) a rá go mbaineann rud éigin le haicme faoi leith.

Samhlaigh An Táin á cur ar stáitse (tá a fhios agam, beagáinín aisteach, ach tá cúis agam leis, mar a fheicfidh sibh). Tá an léiritheoir ag roinnt na bpáirteanna agus ag tabhairt orduithe don chliar. 'Is tusa Cú Chulainn,' a deir sé. 'Agus is tusa Ferdia' ar seisean le duine eile - dhá shampla de (a). 'Is cairde sibh' a deir sé ansin - sampla de (b).

Samhlaigh é ag teacht chuig deireadh an liosta agus duine amháin fágtha gan pháirt. 'Tusa tú féin,' a deir an léiritheoir leis. 'Tá gach duine eile tógtha.' Tugtar faoi deara an modh táscach tríd síos. Insint faoi chúrsaí mar atá atá i gceist leis an gcopail, ní cúrsaí mar ba mhaith linn a bheadh siad. Bheadh An Táin sách mór mar dhráma ach fiú ansin ní féidir brath air nach mbeadh gach páirt tógtha. Sa deireadh, mise me féin.

Má táimid ag iarraidh rudaí a athrú, caithfidh muid briathar a úsáid agus ordú a thabhairt. 'Imir do ról féin feasta'; nó rud éigin mar sin. Ach mise mé féin. Cén chaoi ar féidir sin a athrú?

vendredi 8 janvier 2010

Drochscríbhneoireacht



Obair mhór atá i gceist le leabhar a scríobh agus bíonn an-leisce orm locht a fháil ar scríbhneoir ar bith. Ach caithfear admháil, tá a leithéid de rud agus droch-scríbhneoireacht ann - agus foilsítear cuid di. Táim ag léamh leabhair i mBéarla faoi láthair agus tá sé go dona; chomh dona sin nach dóigh liom go gcuirfí i gcló é dá mba i nGaeilge a scríobhfaí é.

Is maith liom scéalta bleachtaireachta agus mar is eol do léitheoirí Feasta d'éirigh liom a mbun is a lorg a chur le cabhair leabhar breá James Morton, The First Detective (Ebury Press, 2004). Ach is beag rud chomh dona le drochleabhar bleachtaireachta agus tá faitíos orm gurb in atá sa leabhar seo: Seventy-Seven Clocks le Christopher Fowler (Bantam Books, 2006).

Phioc mé suas é mar léitheoireacht do na laethanta saoire agus bhí sé de cheart agam a leagan uaim ach bíonn leisce orm sin a dhéanamh le leabhar ar bith; fiú is gur léigh Postern of Fate le hAgatha Christie arbh é an leabhar ba mheasa dár léigh mé riamh é (ba é a ceann deireanach é).

Tá leabhar Fowler treallach agus beagéifeachtach lán le mistéireachas gan bonn, cur síos neamhdhóchúil, agus pearsana do-aitheanta. Tá cuid den scríbhneoireacht chomh dona sin go bhfuil sé greannmhar, léithéidí 'The book-lined room was richly textured with inlaid wooden panels' ar lch 295. Tugaimse scríbhneoireacht sceabhach ar a leithéid sin mar tá sé dírithe, ní ar an ábhar a bhfuil cur síos le déanamh air, ach ar rud ceoch éigin in intinn an scríbhneora nó sa chultúr a bhfuil sé ag iarraidh a bheith páirteach ann.

Ach is beag leabhar nach mbíonn rud éigin fiúntach ann. Cuid mhór de phlota an scéil tá sé bunaithe ar an bpictiúr thuas 'The Favourites of the Emperor Honorius' le John William Waterhouse (1883) - nó leagan de a chuirtear i gcás sa scéal. Bhí an tImpire Honorius, deirtear, chomh tógtha lena chuid peataí, na colúir nach raibh am aige éisteacht leis an toscaireacht a tháinig chuige le rá leis go raibh an Róimh tar éis titim agus i lámha na nGotach (sa bhliain 410).