mardi 19 janvier 2010

Fonn a fhanann

Le cúpla lá anuas tá an fonn seo ag dul timpeall i mo chloigeann agus ní féidir liom fáil réidh leis - dá dteastódh uaim fáil réidh leis, agus sin ceist eile, mar is breá liom an fonn. Sílim go raibh caint ar a leithéid seo cheana i measc na mblagairí (anseo go cinnte, ach roimhe sin freisin, shíl mé). Ar aon chuma seo taifead maith den téama. Ach foláireamh: má thaitníonn sé ar chor ar bith leat seans go bhfanfaidh sé leatsa freisin. Ag 1:00 a thosaíonn an fonn i gceart. Bí réidh dó.



Bealach amháin, b'fhéidir le fáil réidh le péist chluaise amháin, ceann eile a chur ina háit. Seo fonn eile a thaitníonn liom, an Andante Cantabile leis an gcumadóir céanna. Níl sé baileach chomh greamaitheach céanna agus ar an ábhar sin b'fhéidir go n-oibreoidh sé níos fearr mar 'antainimh'.

mercredi 13 janvier 2010

Mise mé féin


Thosaigh sé le Scott ag lorg stíle dó féin. Ansin d'aistrigh an plé go Nótaí Imill. Cén chaoi a d'aistreofá 'Be yourself' go Gaeilge? Ó thaobh brí na habairte de d'aistrigh Proinsias go breá é i rith na díospóireachta: 'Bí dílis duit féin.'

Is é an chaoi a bhfuil sé, níl aon mhodh ordaitheach ag an gcopail. Cén fáth a mbeadh? Dhá fheidhm atá leis an gcopail: (a) a rá gurb ionann dhá rud agus (b) a rá go mbaineann rud éigin le haicme faoi leith.

Samhlaigh An Táin á cur ar stáitse (tá a fhios agam, beagáinín aisteach, ach tá cúis agam leis, mar a fheicfidh sibh). Tá an léiritheoir ag roinnt na bpáirteanna agus ag tabhairt orduithe don chliar. 'Is tusa Cú Chulainn,' a deir sé. 'Agus is tusa Ferdia' ar seisean le duine eile - dhá shampla de (a). 'Is cairde sibh' a deir sé ansin - sampla de (b).

Samhlaigh é ag teacht chuig deireadh an liosta agus duine amháin fágtha gan pháirt. 'Tusa tú féin,' a deir an léiritheoir leis. 'Tá gach duine eile tógtha.' Tugtar faoi deara an modh táscach tríd síos. Insint faoi chúrsaí mar atá atá i gceist leis an gcopail, ní cúrsaí mar ba mhaith linn a bheadh siad. Bheadh An Táin sách mór mar dhráma ach fiú ansin ní féidir brath air nach mbeadh gach páirt tógtha. Sa deireadh, mise me féin.

Má táimid ag iarraidh rudaí a athrú, caithfidh muid briathar a úsáid agus ordú a thabhairt. 'Imir do ról féin feasta'; nó rud éigin mar sin. Ach mise mé féin. Cén chaoi ar féidir sin a athrú?

vendredi 8 janvier 2010

Drochscríbhneoireacht



Obair mhór atá i gceist le leabhar a scríobh agus bíonn an-leisce orm locht a fháil ar scríbhneoir ar bith. Ach caithfear admháil, tá a leithéid de rud agus droch-scríbhneoireacht ann - agus foilsítear cuid di. Táim ag léamh leabhair i mBéarla faoi láthair agus tá sé go dona; chomh dona sin nach dóigh liom go gcuirfí i gcló é dá mba i nGaeilge a scríobhfaí é.

Is maith liom scéalta bleachtaireachta agus mar is eol do léitheoirí Feasta d'éirigh liom a mbun is a lorg a chur le cabhair leabhar breá James Morton, The First Detective (Ebury Press, 2004). Ach is beag rud chomh dona le drochleabhar bleachtaireachta agus tá faitíos orm gurb in atá sa leabhar seo: Seventy-Seven Clocks le Christopher Fowler (Bantam Books, 2006).

Phioc mé suas é mar léitheoireacht do na laethanta saoire agus bhí sé de cheart agam a leagan uaim ach bíonn leisce orm sin a dhéanamh le leabhar ar bith; fiú is gur léigh Postern of Fate le hAgatha Christie arbh é an leabhar ba mheasa dár léigh mé riamh é (ba é a ceann deireanach é).

Tá leabhar Fowler treallach agus beagéifeachtach lán le mistéireachas gan bonn, cur síos neamhdhóchúil, agus pearsana do-aitheanta. Tá cuid den scríbhneoireacht chomh dona sin go bhfuil sé greannmhar, léithéidí 'The book-lined room was richly textured with inlaid wooden panels' ar lch 295. Tugaimse scríbhneoireacht sceabhach ar a leithéid sin mar tá sé dírithe, ní ar an ábhar a bhfuil cur síos le déanamh air, ach ar rud ceoch éigin in intinn an scríbhneora nó sa chultúr a bhfuil sé ag iarraidh a bheith páirteach ann.

Ach is beag leabhar nach mbíonn rud éigin fiúntach ann. Cuid mhór de phlota an scéil tá sé bunaithe ar an bpictiúr thuas 'The Favourites of the Emperor Honorius' le John William Waterhouse (1883) - nó leagan de a chuirtear i gcás sa scéal. Bhí an tImpire Honorius, deirtear, chomh tógtha lena chuid peataí, na colúir nach raibh am aige éisteacht leis an toscaireacht a tháinig chuige le rá leis go raibh an Róimh tar éis titim agus i lámha na nGotach (sa bhliain 410).

dimanche 27 décembre 2009

Cluiche Ceisteanna


Idir bhia agus deoch, sioc agus síocháin, chluichí is chomhluadar, is muid a bhí sásta. Seo cluiche a d’imríomar. Cluiche ceisteanna é. Más maith leat quizeanna, taitneoidh an cluiche seo leat.Níl aon ghá le clár nó le cártaí nó le dílse; níl aon ghá le liosta ceisteanna; níl aon ghá le quizmháistir fiú; rud ar bith ach pinn agus páipéar. Tá sé iomlán daonlathach. Agus is píosa maith spóirt é.

Tugtar peann agus páipéar do gach duine. Roghnaítear duine le tús a chur leis an gcluiche. Roghnaíonn an duine sin ábhar, mar shampla, Litríocht na Gaeilge, Sacar na hÉireann, Leabharlannaíocht, Ceol Comhaimseartha, Baile Átha Cliath, Tíreolaíocht na hEorpa; rud ar bith ach an t- ábhar a bheith sách leathan le gur féidir le gach duine ceist éigin a chumadh a bhfuil baint aici leis.

Téann gach duine i mbun machnaimh – ceapann gach duine ceist faoin ábhar, m.sh. ‘Cé scríobh Cré na Cille?’ nó ‘Cén dealbh atá ar bharr Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath’ nó ‘Cén sliabh is airde san Eoraip’ etc.

Nuair atá gach duine tar éis ceist a scríobh, cuirtear tús leis an quiz. Tosaítear leis an té atá ar thaobh na láimhe clé den té a roghnaigh an t-ábhar. Cuireann sé nó sí a c(h)eist. Scríobhann gach duine freagra síos. Nuair atá sin déanta, cuireann an té atá ar a lámh chlé seisean / sise, ceist agus scríobhann gach duine sios an freagra. Agus mar sin timpeall go dtí an té a roghnaigh an t- ábhar an chéad uair.

Téitear timpeall arís ansin. Cuirean an chéad duine a cheist agus léann gach duine ar a sheal an freagra atá scríofa síos aige nó aici amach. Ar aghaidh ansin leis an dara ceist. Freagraítear mar a chéile. Má tá an freagra ceart faigheann an duine sin dhá mharc. Faigheann an té an cheap an cheist marc amháin as gach freagra mícheart. Coinnítear an scór.

Simplí go leor. Ach seo é an áit a bhfuil bunús an chluiche, agus an fáth go n-éiríonn leis. Mura bhfaigheann aon duine an freagra ceart, ní fhaigheann an té a chuir an cheist marc ar bith. Caithfidh freagra ceart amháin ar a laghad a bheith ann le go bhfaigheadh an ceistneoir marc.

Tá neart scóip ann le haghaidh plé agus argóna. Abair nach bhfuil an freagra ar eolas ag an té a cheap an cheist, nó go raibh sé nó sí mícheart. Mór an spórt é! Bealach amháin timpeall ar an deacracht sin a rá, más féidir a chruthú go bhfuil freagra an cheistneora mícheart dáiríre go bhfuil an babhta sin ar ceal (agus marc a thabhairt do na daoine a raibh an freagra ceart acu más mian).

An té a bhfuil an líon is mó marcanna aige nó aici nuair atá timpeall iomlán déanta a ghnóthaíonn.

An rud is tábhachtaí ná go mbainfeadh gach duine taitneamh as. Más gá bhur rialacha féin a chumadh chuige sin, ar aghaidh libh. Níl ansin thuas ach an bunsctruchtúr. Ach oibríonn sé go breá dúinne.

mercredi 23 décembre 2009

Bainne Dubh na Féile



Nollaig Shona!




Tháinig an ceangal idirlín ar ais díreach in am le beannachtaí na Nollag a ghuí oraibh - bhíomar gan cheangal le hos cionn seachtaine - ní an leabharlann uile, ach mise, go háirithe. Is ea, seo is siúd, agus é i gceist agam labhairt faoi léitheoireacht na Nollag, agus seoltaí suíomh idirlín a chur suas.... Cuma sa diabhal anois. Tá sé in am, turcaithe, géanna, maróg, agus go leor fíonta, idir gheal is dearg, seirisí, portanna, biotáillí, is ea tá fiú is bainne dubh na féile istigh againn (leagan Mháirtín Uí Chadhain de 'poitín'). Ar aon chuma, déanaimis iarracht sampla na beirte sin thuas a leanúint, beirt atá sa phictiúr le Jan Steen atá ar chlúdach An Cléireach le Darach Ó Scolaí - léitheoireacht bhreá do na laethanta saoire mura bhfuil a leithéid aimsithe cheana agat.

vendredi 4 décembre 2009

Blagáil agus blagadóireacht


Feasta na Nollag amuigh agus caint ann ag an mblagálaí seo is mise ar an mblagáil - nó mar a thugaimse air i mo chás-sa, blagadóireacht (breathnaítear ar an gcolún ar dheis). An bhfuil an blagáil ag dul as mar a deir an duine seo? Ní dóigh liom é: tá an iomarca paisin, eolais, mothúchán, siamsaíochta agus féinsásaimh i gceist. Níor imigh na leabhair as fós agus is fada go n-imeoidh, bíodh is gur cinnte go n-athróidh an margadh le teacht chun cinn an leabhair dhigitigh etc. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé nach bhfuil an bhlagáil chomh faiseanta i ndomhan an idirlín is a bhí.

Ar aon chuma gné amháin de Feasta a thaitin liom an mhí seo - agus ní ag caint ar mo chuidse radamandádaíochta (nó randamandádaíocht) atá mé. Is éard tá i gceist agam an spléachadh beag a fuair mé ar fhealsúnacht Ghaelach a bheith ag péacadh. Idir Sheán Ó Loingish ag dul siar chuig laethanta órga an Chonartha (mar a thugtar orthu) agus tagairt aige do Dhónall Ó Corcora (i gcomhthéacs scríbhneoireacht Hilary Mantel) agus Liam Prút ag plé 'saothar tathagach' Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Aistí Critice agus Cultúir III, agus Helen Ó Murchú ag díriú ar an earnáil dheonach agus an daonlathas, gan trácht ar Mhairéad Ní Chinnéide ag caitheamh súile ar Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa le Brian Ó Conchubhair, bhraith mé dóchas éigin go mb'fhéidir go bhféadfaí comhthéacs tuisceana éigin a chur le chéile ag an leibhéal is bunúsaí agus is fealsúnta. Ní comhaontú atá mé a rá ach comhthuiscint - tuig linn tuiscint dá chéile gan aontú le chéile. Agus anuas air sin, tá gearrscéal breá séasúrach lenar gcara, Brian Ó Dochartaí.

Ach caithfidh mé a bheith cúramach. Léigh mé aréir go ndúirt leabharlannaí uair éigin in áit éigin i mBéarla: Librarians must have no politics, no religion, and no morals.