jeudi 19 novembre 2009

Beannacht


Cén locht a bheadh ag aon duine ar dhuine a bheith ag beannú dóibh. Fiú má bhí an lámh in uachtar acu (nó b'fhéidir gurb í an lámh in íochtar í) is cosúil go bhfuil fear na láimhe deirge sásta a lámh féin san obair a admháil go macánta.

vendredi 13 novembre 2009

Leitís Mharfach na Státseirbhíse


Shíl mé go raibh an t-alt seo le Dan O'Brien ar an Irish Times, an Satharn seo caite, an-spéisiúil. Léiríonn sé tábhacht na státseirbhíse agus an ról ollmhór atá aici i ndrochstaid na tíre. Mana na státseirbhíse: mura ndearnadh cheana é, ná déan anois é. Fasach bun agus barr an riaracháin phoiblí. Cad ar rinneamar an uair dheireanach a thit an tír as a chéile? Faic. Mar sin ná déanaimis faic anois.

Ar thit an tír seo as a chéile mar seo cheana? Níor thit. Mar sin níl aon fhasach againn! Mar sin ní thig linn faic a dhéanamh. Mar sin ná déanaimis faic.

Ó, mo chuimhne. Rinneamar cúpla rud nuair a bhí cúrsaí go dona cheana: ghearramar anuas ar an seanphinsean agus ar liúntas na leanaí agus ar na rudaí beaga eile a chabhraigh le daoine a raibh ganntanas airgid orthu. Ó! Go maith. Déanfaimid é sin arís mar sin. Sin fasach.

Lochtaítear na polaiteoirí. Ach níl sna polaiteoirí ach an ceathrú cuid den fhadhb. Os cionn leath na faidhbe an institiúid bhuan leathphroifisiúnta neamhthofa a rialaíonn an tír de facto. Ach nach iad na polaiteoirí ata i gceannas ar an institiúid sin, nach iad atá freagrach? Sin cuid den chur i gcéill. Ní thig le duine ar bith a bheith i gceannas ar rud na dtuigeann sé. Is í an státseirbhís atá freagrach as an Aire, ní an bealach eile timpeall. Mar a mhínigh Ivan Yates, iar-Aire Talmhaíochta, ar chlár teilifís le déanaí: they told me not to write on the file itself, but to use yellow stick-its, so there was nothing permanent.... Níl a fhios agam ab in iad na focail díreach a d'úsáid sé ach tuigeann Tadhg Taidhgín. Ná déan faic. (Pictiúr d'Oifig an Aire thíos - cá bhfios.)


Mar a mhíníonn O'Brien, príomhscil an pholaiteora in Éirinn breathnú i ndiaidh na vótálaithe agus iad a choinneáil heapaí; agus dá réir sin fanacht i gcumhacht. Níl siad traenáilte le déileáil le castachtaí na ranna a bhfuil siad bainteach leo nó le dul i ngleic le lúbaireacht olúil ard-oilte na rúnaithe, agus is beag am atá acu foghlaim. An té atá go maith ag freastal ar shochraidí agus ag cuimhneamh cén áit ar imir do dheartháir ar an bpáirc scór bliain ó shin i gcluiche leathcheannais an chontae, ní gá gurb in é an duine is fearr le cur i mbun chúirteanna na tíre, nó scoileanna na tíre, nó gheilleagar na tíre.

Spéisiúil freisin go luann O'Brien múineadh / foghlaim na Gaeilge mar ghné d'obair na státseirbhíse atá calctha ag leitís mharfach an riaracháin phoiblí. Sin í an Roinn Oideachais: croílár na leitíse. An bhféadfadh sé go raibh an ceart ag Dónal Ó Corcara nuair a lochtaigh sé an státseribhís a tháinig i gcumhacht i 1922, gur dream Béarla iad, scáthánú lag iarmharach den riarachán a bhí ann aimsir Shasana. Ab é a chiallaigh saoirse dúinn mánuadú na státseirbhíse? Ach mar a deir O'Brien, tá státseirbhís Shasana tar éis athrú de réir a chéile (bhuel, ba leo í, tuige nach n-athróidís í). Ach níor athraigh an institiúid seo againne. 'Yes, Minister' na 1950í atá i réim in Éirinn i gcónaí.

Lochtaíonn O'Brien an Bunreacht as an staid neamhghníomhach seo. Tá cuid den cheart aige ach níl a fhios agam an n-aontaím go hiomlán leis. Sílim go bhféadfaí an Seanad a leasú chun teacht timpeall ar chuid de na deacrachtaí seo: saineolaithe a cheapadh don Seanad agus ansin iad a cheapadh mar Airí, mar shampla. Ach cé leasóidh an Seanad nó an Bunreacht? Muidne? Sin an ceathrú cuid dheireanach den fhadhb - na daoine a ghlacann leis an status quo nó nach bhfuil aon chumhacht acu é a athrú - muidne. Sin é a fáth a bhfuil díomá orainn faoin gComhaontas Glas. Shíleamar go gcuirfidís athruithe radacacha i bhfeidhm seachas géilleadh do fa niente na státseirbhíse. Teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.

lundi 9 novembre 2009

Cuairteanna ar an Dochtúir


An chéad chuairt ar an dochtúir dúirt sé nár mhór a bheith ag faire ar an mbrú fola. An dara cuairt labhair sé liom faoi 'cross-winds' agus 'go round'. Cuir isteach 'Madrid Airport go around' in Youtube. Bainfidh tú taitneamh as. Bhí sé ag iarraidh mé a chur ar mo shuaimhneas. Ansin thástáil sé an brú fola. Bhí sé an-ard.

Nílim buartha. Gach dara duine ar labhair mé leis ó shin tá siad ag tógáil taibléidí i gcomhair an bhrú fola. Nó sin an chuma a bhí air. 'Confirmation bias' is dócha. Bíonn gá againn ar fad leis anois is arís.

Ach ciallaíonn sé go bhfuilim ag gearradh siar. Nílim ag rásaíocht thart mar a bhíodh agus nílim ag blagadóireacht chomh minic is a bhíodh ná ag glacadh páirte sa phlé ríspéisiúil a bhíonn ag dul ar aghaidh. Os a choinne sin, nílim tar éis a shocrú éirí as rud ar bith. Táim díreach ag cur níos mó spéise sa leimhe órga a mbíodh Arastatail ag caint air.

samedi 31 octobre 2009

Seanturnapa



Tá suil agam go mbainfidh sibh uile an chuid is fearr as siamsaíocht Oíche Shamhna.
Anocht a thosaíonn an geimhreadh.

jeudi 22 octobre 2009

Danmhairgis

B'fhéidir go gceapfaidh sibh gur aisteach an greann atá agam ach táim fós ag gáire faoin bhfíseán seo (scrolltar síos). Mar dhuine a thug faoin Danmhairgis a fhoghlaim, chuir sé mé sna trithí. Samhlaigh Gaeilge a fhoghlaim sa litriú clasaiceach ach gan h-eanna i ndiaidh na gconsan agat le taispeáint duit go bhfuil siad séimhithe, agus ansin na focail a d'fhoghlaim tú ar an gcaoi sin a chloisteáil á rá. Léann tú: Tá mé ag foglaim na Gaeidilge. Is mait liom í a leigeam. Agus cloiseann tú, abair: Tá mé a fólaim na Gaeilge. Is ma liom í a léú.

Mar shampla, sa Danmhairgis, deirtear doven (leisciúil) rud beag cosúil leis an gcaoi a deir muidne 'domhan', dig (tusa) cosúil le 'daigh', afstand (achar) cosúil le 'abhsteim', glad (sona) cosúil le 'gluth', laege (dochtúir) cosúil le 'lae' etc. Ceann is breá liom: le Tivoli deirtear 'tiúlaí. Agus cá bhfágann tú an fealsamh cáiliúil: Surn Kíceagó.

Grúpa grinn teilifíse san Iorua a rinne an clár a bhfuil an mhír seo ann, Uti Vår Hage, agus iad ag magadh faoina comh-Lochlannaigh. Tá sé áiféiseach uile - sin é an fáth a bhfuil sé greannmhar is dócha - ná glactar dáiríre leis, mar a deirtear sa tráchtaireacht faoin bhfíseán. Is fiú an tráchtaireacht chéanna a léamh freisin: tuisceanach, greannmhar, íorónta ar bhealach nach mbíonn a leithéid ar YouTube go minic. Mo thaithí phearsanta ar mhuintir na Danmhairge gur daoine lácha iad, malairt ar fad a bhfuil i gceist leis an bhfocal 'danartha', agus más aon fhianaise an tráchtaireacht, go maith in ann gáire fúthu féin.


mercredi 21 octobre 2009

Dráma Nua


Feasta na míosa seo amuigh, a chairde. Is éard a theastaigh uaim a dhéanamh breathnú ar Éamonn Mac Giolla Iasachta agus ar a chuid oibre i gcúrsaí ginealais mar chúlú ón nGaeilge agus mar dhíspeagadh uirthi. Titim siar a bhí ann go cinnte ó obair an Athar de Bhulbh atá pléite ag Dubhaltach anseo. Freagairt a bhí sa chúlú pearsanta seo, dar liom, don Chogadh Cathartha ar thaobh amháin agus d'urlámhas an Bhéarla i gcúrsaí riaracháin ar an taobh eile.

Ar aon chuma, theastaigh uaim clúdach na míosa seo de Feasta a chur leis seo ach, an gcreidfeadh sibh, ní thig liom mo lámh a leagan air. Mar sin shíl mé an cárta poist seo a fuair mé sa phost an lá cheana a chur suas. Dráma nua le Darach Ó Scolaí a thosaigh sa Project i mBaile Átha Cliath aréir, An tSeanbhróg.

'Dráma grinn ... a fhéachann go caolchúiseach ar an stair agus ar an soiscéal náisiúnach.... dearcadh difiúil ar an Éireannachas....'

Beidh sé ar siúl i Leitir Ceannainn chomh maith le linn an Oireachtais a deir an cárta.