mercredi 7 octobre 2009

An tAraltas Gaelach








Sin thuas cuid de na sciatha breátha a mhaisíonn Irish Families le hEdward MacLysaght. Cúpla rud le tabhairt faoi deara, sílim. Sa chéad áit na dúile beo atá le feiceáil ar na sciatha. Tá an t-alt breá seo ag Nicholas Williams ina dtaobh ina leabhar álainn, Armas, lgh 14-5:

Is suntasach a fhairsinge is atá fíora áirithe in araltas na nGael nach bhfuil róchoitianta in araltas Shasana ná na Mór-roinne. Ar na dúile beo a fhaightear go fairsing in araltas na dtaoiseach Gaelach áirítear an torc, an carria, an cú, an bradán, an nathair nimhe agus an laghairt. I measc na nithe eile atá coitianta in araltas na nGael d'fhéadfaí an ghrian, an lámh dhaonna agus cineálacha éagsúla crann a lua. Tá siad sin uile chomh coitianta sin san araltas Gaelach nach dócha gur de thaisme a fheictear ann iad. Is gnéithe formhór na nithe sin de dhealbhra págánach na gCeilteach in Éirinn, an Bhreatain agus ar an Mór-roinn i gcoitinne. Tagtar orthu go forleathan sna hiarmsaí atá ar caomhnú d'ealaín chultasach na gCeilteach réamh-Chríostaí agus atá léirithe ag seandálaithe.
An dara rud atá le tabhairt faoi deara gur i mBéarla a thug Éamonn Mac Giolla Iasachta na sloinnte.

Níor mhiste a lua chomh maith, chomh fada is a bhaineann le Príomh-Aralt na hÉireann de, ní leis an sloinne, nó leis an sliocht, an t-armas, ach leis an gceann fine.

Is maith liom an t-araltas seo, caithfidh mé a rá. Tá rómáns ag baint leis, agus dathanna geala. Gan trácht ar dhiamhrachas na siombailí.

lundi 5 octobre 2009

Tíopaí


Ar ais ag obair inniu tar éis beagnach coicís tinnis. Deir daoine gurb é fliú na muc a bhí orm. Deir daoine eile nach ea. Ní dheachaigh mé chuig an dochtúir ach mura leanfaidh an biseach beidh mé chuige gan mhoill.

Tá mí Dheireadh Fómhair ann agus Feasta linn i gcionn lá nó dó. San eagrán seo labhraím faoi Éamonn Mac Giolla Iasachta / Edward MacLysaght agus na hIrish Families. Dar liom gur sampla de thíopa é Mac Giolla Iasachta. San aiste tugaimse 'cantalóir' air ar aithris a bheathaisnéisí, Sheán Uí Cheallaigh. Ach sílim go mb'fhéidir gur fearr an téarma an 'cancrán cumasach'.



Fad a bhí an tinneas orm, bhí deis agam a bheith ag smaoineamh ar thíopaí daoine agus tháinig mé ar chúpla ceann eile - trí cinn eile, b'fhéidir ceithre cinn. Braithim go bhfuil tíopaí nó carachtair Theophrastus neamhshubstaintiúil. Is mór an spórt iad ach dáiríre is éard tá iontu daoine mar ba léir don phobal iad, nó mar ba léir do lucht béadáin iad, carachtair chairtchláir.



Na tíopaí ar tháinig mise orthu is daoine cumasacha atá i gceist leo, daoine atá tar éis teacht chun cinn i saol na cumhachta, daoine a bhfuil ardphostanna bainte amach acu sa saol polaitiúil, abair, nó sa saol institiúideach. Tá ceithre cinn agam go dtí seo:

An Fírinneach: an té a insíonn an fhírinne go cruinn ciúin agus - amanta - go straitéiseach.

An Bullaí: an té a úsáideann fórsa pearsantachta - agus cleasanna eile - chun dul i gcion ar dhaoine.

An Caidreamhach: an té a chuireann aithne ar iliomad daoine, agus a bhunaíonn agus a bhuanaíonn caidreamh leo, agus atá in ann labhairt le gach duine ar a mbealach / leibhéal féin.

An Cancrán: an té atá tiomanta d'aon rud amháin ach nach bhfeiceann an mórphictiúr go minic.


D'fhéadfadh sé go bhfuil an cúigiú tíopa ann: An tOibrí, is é sin an té a dhéanann aon obair a thugtar dó go cruinn agus go slachtmhar agus in am sa chaoi is gur féidir brath air. Bhí mé in amhras faoi seo a chur le liosta na bpearsantachtaí láidre.

Ar aon chuma, is píosa spóirt é a bheith ag iarradh daoine a lua leis na tíopaí difriúla. Beidh a thuairim féin ag gach duine. Dar liom gur sampla maith den Chaidreamhach é John O'Donoghue, T.D., Ceann Comhairle na Dála. Ní bheadh aon easpa ort dá mbeifeá ina chomhluadar ag Longchamps nó ag Rásaí na Gaillimhe. Ní hiad a chuid paidreacha atá sé ag léamh thuas ach clár na rásaí, cuirimse geall.

vendredi 25 septembre 2009

Imeartas scríobhaí

De bhrí nach raibh mé ar fónamh agus gan a bheith in ann mórán oibre a dhéanamh, tharraing mé catalóg na lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Náisiúnta anuas den tseilf. Is breá liom an blaiseadh de shaol fairsing léannta na Gaeilge fadó a bhíonn le fáil sna leabhair sin. Seanoidis leighis - más é sin atá ann:

Do dhenam an phúdair fhínailte ann so .i. seacht cuid don tshalphíotair 7 énchuid don raibh [ruibh, is dócha] 7 énchuid don ghual.

Nó tús an Lebor Bretnach: Iar ndílinn ro rannadh an domhan a dtrí rannuibh.

Seanbhealaí le ham agus spás a thomhas. Seanmhiorúiltí:

Bean do-chuaidh ar cend uisce a Craoibh Chaille oidhche na hEpefania 7 fion tuc sí lé a n-ionadh an uisci.

B'in tús maith leis an mbliain úr. Sin uile agus tuilleadh i lámhscríbhinn pháir a scríobh Pilip Ballach Ua Duibhgeanáin idir na blianta 1579 agus 1584.

Tamall de bhlianta roimhe sin, in 1548, scríobh Éumann Ó Bolgaoi lámhscríbhinn eile, leabhar leighis. Áit scríofa na lámhscríbhinne seo a tharraing m'aird: Bodosdoig.

Anocht oidhche Chasc a mBodosdoig dham anois e.

Agus cearnóg timpeall an 'e' a sheasann d'Éamonn.

Tuairimíonn Nessa Ní Shéaghdha gur Woodstock ( ó Boddestock) in aice le hÁth Í atá i gceist. Tá sin níos soiléire ón iontráil eile seo:

I mBodasdaic damh anois i pfochuir corce Dondchaidh mheic Deinis. Et taphradh gach aen leigfeas oraid ar anmain an ti ro scriobh Émann.

Déanfad san.

lundi 21 septembre 2009

Bambairne Beathaisnéise


Bambairne. Focal breá é. Má thuigim i gceart é, is éard a chiallaíonn sé suíomh nó rud nó ‘staid bheatha’ a chuireann as duit, a chuireann bac leat, a sháraíonn tú – is é sin, nach féidir leat féin é a shárú cuma cén iarracht a dhéanann tú. Má tá tú ‘frustrated’ ag rud tá tú i do bhambairne aige. Is mar sin a thuigimse an focal, ar aon chuma. Agus is é an fáth a dtarraingím chugam an focal sin anois, toisc go bhfuil mé i mo bhambairne ag an leabhar seo atáim a léamh i láthair na huaire, beathainéis Ignazio Silone le hOllamh in Hofstra University sna Stáit Aontaithe, Stanislao G. Pugliese. Bitter Spring atá air agus foilsíodh i mbliana é.


Tá an fear tar éis céad míle de chártaí innéacs a chur as a chéile agus leabhar a thabhairt air; cuid de na ráitis nó de na fíricí aige tá siad curtha faoi cheannteidil théamúla áirithe, cuid mhaith eile déarfá gur thit sin ar an urlár fad a bhí an leabhar á chur le chéile, agus is mar a phioc sé suas arís iad an lá dár gcionn a cuireadh isteach sa leabhar iad. Bíonn sé síoraí ag léim siar agus ar aghaidh ó thaobh dátaí de; déarfá nach cuimhin leis ar leathanach amháin a bhfuil ráite aige trí leathanach roimhe sin; tugann sé tuairim daoine leathchéad leathanach sula ndeir sé cé hiad féin; is minic nach mbacann sé le dhá phíosa eolais a tharlaíonn in aon alt a chéile a cheangal le chéile; agus is iomaí mír eolais aige gan chomhthéacs agus gan chúlra. Tá an leabhar breac lán le ráitis a chaithfidh an léitheoir a léamh mar ‘non sequiturs’.



Ba chuma ach tá an t-uafás eolais sa leabhar agus tá go leor leor taighde déanta ag an údar. Is mór an gar go bhfuil an t-eolas sin le fáil in aon leabhar amháin. Scríbhneoir ríspéisiúil ba ea Silone, a d’fhulaing go leor ó mharaigh crith talún a mháthair ina bhaile dúchais, Pescina, san Abruzzo, i ndeisceart na hIodáile, i 1915 (bhí orm breathnú san innéacs le teacht ar an mbeagán eolais sin, tá an leabhar chomh míchothrom sin). Bhí Silone (Secondino Traquilli a bhí air agus is i 1900 a rugadh é) ina fhinné ionraic ar ar fhualingt phobal bocht na tuaithe san Iodáil agus chaith sé a shaol i ndiaidh na tubaiste i gceartlár pheannaid fhisiciúil, idé-eolaíoch, agus intleachtach na hEorpa san fhichiú haois. Tá an leabhar seo tar éis é sin a thaispeáint go ríshoiléir – an trodaí diogbháilte macánta i gcoinne ollsmachta de gach cineál ag cur ar son na fírinne, na saoirse, agus leas na ndaoine a bhí gan cearta, gan maoin. Ar an gcaoi sin is leabhar an-mhaith é seo, is mór is fiú é, bíodh is go bhfuil mé i mo bhambairne aige.

mardi 8 septembre 2009

Treoirleabhar do lucht staire an Bhéarla


Ceann de na rudaí a thaitníonn liom faoi shaol éitreach seo na mblaganna – agus nílimse ach ag dul dó le cúpla mí – an chaoi ar féidir linn foghlaim óna chéile agus an chaoi a spreagann rud amháin rud eile. ‘Faoi mar a bheadh nimh ar an aithne’ a deir Ua Duinín – luaitear ábhar amháin agus seo trácht nó scéala ó dhuine eile ar an ábhar céanna nó blag faoi nó tagairt dó. An bhfuil a leithéid seo de leabhar léite agat? Níl. Ach nuair a chuirim ceist faoi síntear chugam é.


Leabhar é Medieval Gaelic Sources le Katharine Simms a fhéachann le treoir a thabhairt do léitheoirí faoi na foinsí Gaeilge ionas gur féidir leo ‘usable historical information’ a bhaint astu. Tacaíonn an leabhar, dar liom, leis an téis atá agam faoin Eilifint i Stair na hÉireann. Ar lch 10 deir sí:


However, the wider range of published sources available may have been better-known in the past to Celtic Scholars than to historians, and these deserve greater attention than they have so far received.


Ní hamháin gur léir di nach raibh staraithe an Bhéarla ag baint móran úsáide as na foinsí Gaeilge ach braitheann sí go gcaithfidh sí a rá leo, ar lch 16, cén chaoi len iad a úsáid nuair a thógann siad anuas den tseilf iad. Ag caint faoina dheacra atá sé dáta a chur le téacs Gaeilge go minic deir sí:


That is why it is always important for a historian to read carefully the editor’s introduction to a medieval Irish text, to glean as much as possible from his or her comments on the language used....


Nach bocht an scéal é. Treoirleabhar ag teastáil ó staraithe na hÉireann le foinsí na staire sin a chur ar a súile dóibh agus treoir á tabhairt dóibh ina dhiaidh sin cén chaoi leis an leabhar a léamh. Historians?


Is iontach go bhfuil an leabhar seo ann anois. Is léir go dteastaíonn sé go géar.

Táim chomh tógtha leis go bhfuil fonn orm léirmheas beag a scríobh air. Ach beidh sé tamall eile sula ndéanfaidh mé sin. Bí ag faire ar an Litríocht seo againne. Idir an dá linn mo bhuíochas le Dennis as an leabhar breá seo a lua liom.

jeudi 3 septembre 2009

An Eilifint i bhFeasta


Feasta amuigh anois agus má tá an t-ádh ort agus cóip faighte agat, tá a fhios agat gurb éard tá i gceist agam leis an Eilifint sa Seomra ná an chaoi nach dtugann staraithe na hÉireann aon aird ar an nGaeilge. Ní hann don Ghaeilge sa chuid is mó mór de stair na hÉireann; is é sin a bhfuil scríofa faoinar tharla in Éirinn san am atá thart, ar éigean má chuirtear san áireamh ann go raibh teanga eile sa tír seachas Béarla (agus go bhfuil fós). Ní deirtear linn cén teanga a labhair an duine seo nó an duine siúd (gan trácht ar an teanga a labhair muintir na hÉireann trí chéile), ní cheadaítear na foinsí Gaeilge, ná ní phléitear ceann de na hathruithe is mó riamh a tháinig ar an tír - gur iompaigh formhór mhuintir na tíre ó labhairt na Gaeilge go labhairt an Bhéarla taobh istigh de chúpla glúin.

Faraor nach ceist do staraithe agus do lucht scríofa na staire amháin í seo. Toradh amháin ar an neamhshuim ollmhór seo (a théann siar cúpla céad bliain) iriseoirí, polaiteoirí, státseirbhísigh, saineolaithe, eacnamaithe agus lucht cumhachta an lae inniu ag ceapadh nach bhfuil sa Ghaeilge ach ábhar scoile, is é sin ciotaí. Nuair a iompaíonn an neamhaird, an neamhshuim agus an easpa eolais ina dhearcadh saoil, ina idé-eolaíocht, ina bhonn le gníomhaíocht Stáit, tá sé in am againn scanradh a bheith orainn, agus scanradh mór. Toradh ar neamhshuim na staraithe moltaí Thuarascáil McCarthy a scriosfadh na hinstitiúidí Gaeilge dá gcuirfí i bhfeidhm iad.

Dar leis an Dr Proinsias Ó Drisceoil san eagrán céanna seo de Feasta, ionann moltaí sin McCarthy agus deireadh le hathbheochan na Gaeilge mar pholasaí Stáit. "Tá cath romhainn amach," arsa Proinsias.