vendredi 25 septembre 2009
Imeartas scríobhaí
Do dhenam an phúdair fhínailte ann so .i. seacht cuid don tshalphíotair 7 énchuid don raibh [ruibh, is dócha] 7 énchuid don ghual.
Nó tús an Lebor Bretnach: Iar ndílinn ro rannadh an domhan a dtrí rannuibh.
Seanbhealaí le ham agus spás a thomhas. Seanmhiorúiltí:
Bean do-chuaidh ar cend uisce a Craoibh Chaille oidhche na hEpefania 7 fion tuc sí lé a n-ionadh an uisci.
B'in tús maith leis an mbliain úr. Sin uile agus tuilleadh i lámhscríbhinn pháir a scríobh Pilip Ballach Ua Duibhgeanáin idir na blianta 1579 agus 1584.
Tamall de bhlianta roimhe sin, in 1548, scríobh Éumann Ó Bolgaoi lámhscríbhinn eile, leabhar leighis. Áit scríofa na lámhscríbhinne seo a tharraing m'aird: Bodosdoig.
Anocht oidhche Chasc a mBodosdoig dham anois e.
Agus cearnóg timpeall an 'e' a sheasann d'Éamonn.
Tuairimíonn Nessa Ní Shéaghdha gur Woodstock ( ó Boddestock) in aice le hÁth Í atá i gceist. Tá sin níos soiléire ón iontráil eile seo:
I mBodasdaic damh anois i pfochuir corce Dondchaidh mheic Deinis. Et taphradh gach aen leigfeas oraid ar anmain an ti ro scriobh Émann.
Déanfad san.
lundi 21 septembre 2009
Bambairne Beathaisnéise
Bambairne. Focal breá é. Má thuigim i gceart é, is éard a chiallaíonn sé suíomh nó rud nó ‘staid bheatha’ a chuireann as duit, a chuireann bac leat, a sháraíonn tú – is é sin, nach féidir leat féin é a shárú cuma cén iarracht a dhéanann tú. Má tá tú ‘frustrated’ ag rud tá tú i do bhambairne aige. Is mar sin a thuigimse an focal, ar aon chuma. Agus is é an fáth a dtarraingím chugam an focal sin anois, toisc go bhfuil mé i mo bhambairne ag an leabhar seo atáim a léamh i láthair na huaire, beathainéis Ignazio Silone le hOllamh in
Tá an fear tar éis céad míle de chártaí innéacs a chur as a chéile agus leabhar a thabhairt air; cuid de na ráitis nó de na fíricí aige tá siad curtha faoi cheannteidil théamúla áirithe, cuid mhaith eile déarfá gur thit sin ar an urlár fad a bhí an leabhar á chur le chéile, agus is mar a phioc sé suas arís iad an lá dár gcionn a cuireadh isteach sa leabhar iad. Bíonn sé síoraí ag léim siar agus ar aghaidh ó thaobh dátaí de; déarfá nach cuimhin leis ar leathanach amháin a bhfuil ráite aige trí leathanach roimhe sin; tugann sé tuairim daoine leathchéad leathanach sula ndeir sé cé hiad féin; is minic nach mbacann sé le dhá phíosa eolais a tharlaíonn in aon alt a chéile a cheangal le chéile; agus is iomaí mír eolais aige gan chomhthéacs agus gan chúlra. Tá an leabhar breac lán le ráitis a chaithfidh an léitheoir a léamh mar ‘non sequiturs’.
Ba chuma ach tá a
n t-uafás eolais sa leabhar agus tá go leor leor taighde déanta ag an údar. Is mór an gar go bhfuil an t-eolas sin le fáil in aon leabhar amháin. Scríbhneoir ríspéisiúil ba ea Silone, a d’fhulaing go leor ó mharaigh crith talún a mháthair ina bhaile dúchais, Pescina, san Abruzzo, i ndeisceart na hIodáile, i 1915 (bhí orm breathnú san innéacs le teacht ar an mbeagán eolais sin, tá an leabhar chomh míchothrom sin). Bhí Silone (Secondino Traquilli a bhí air agus is i 1900 a rugadh é) ina fhinné ionraic ar ar fhualingt phobal bocht na tuaithe san Iodáil agus chaith sé a shaol i ndiaidh na tubaiste i gceartlár pheannaid fhisiciúil, idé-eolaíoch, agus intleachtach na hEorpa san fhichiú haois. Tá an leabhar seo tar éis é sin a thaispeáint go ríshoiléir – an trodaí diogbháilte macánta i gcoinne ollsmachta de gach cineál ag cur ar son na fírinne, na saoirse, agus leas na ndaoine a bhí gan cearta, gan maoin. Ar an gcaoi sin is leabhar an-mhaith é seo, is mór is fiú é, bíodh is go bhfuil mé i mo bhambairne aige.
mardi 8 septembre 2009
Treoirleabhar do lucht staire an Bhéarla
Ceann de na rudaí a thaitníonn liom faoi shaol éitreach seo na mblaganna – agus nílimse ach ag dul dó le cúpla mí – an chaoi ar féidir linn foghlaim óna chéile agus an chaoi a spreagann rud amháin rud eile. ‘Faoi mar a bheadh nimh ar an aithne’ a deir Ua Duinín – luaitear ábhar amháin agus seo trácht nó scéala ó dhuine eile ar an ábhar céanna nó blag faoi nó tagairt dó. An bhfuil a leithéid seo de leabhar léite agat? Níl. Ach nuair a chuirim ceist faoi síntear chugam é.
Leabhar é Medie
However, the wider range of published sources available may have been better-known in the past to Celtic Scholars than to historians, and these deserve greater attention than they have so far received.
Ní hamháin gur léir di nach raibh staraithe an Bhéarla ag baint móran úsáide as na foinsí Gaeilge ach braitheann sí go gcaithfidh sí a rá leo, ar lch 16, cén chaoi len iad a úsáid nuair a thógann siad anuas den tseilf iad. Ag caint faoina dheacra atá sé dáta a chur le téacs Gaeilge go minic deir sí:
That is why it is always important for a historian to read carefully the editor’s introduction to a medie
Nach bocht an scéal é. Treoirleabhar ag teastáil ó staraithe na hÉireann le foinsí na staire sin a chur ar a súile dóibh agus treoir á tabhairt dóibh ina dhiaidh sin cén chaoi leis an leabhar a léamh. Historians?
Is iontach go bhfuil an leabhar seo ann anois. Is léir go dteastaíonn sé go géar.
Táim chomh tógtha leis go bhfuil fonn orm léirmheas beag a scríobh air. Ach beidh sé tamall eile sula ndéanfaidh mé sin. Bí ag faire ar an Litríocht seo againne. Idir an dá linn mo bhuíochas le Dennis as an leabhar breá seo a lua liom.
jeudi 3 septembre 2009
An Eilifint i bhFeasta

Tá Feasta amuigh anois agus má tá an t-ádh ort agus cóip faighte agat, tá a fhios agat gurb éard tá i gceist agam leis an Eilifint sa Seomra ná an chaoi nach dtugann staraithe na hÉireann aon aird ar an nGaeilge. Ní hann don Ghaeilge sa chuid is mó mór de stair na hÉireann; is é sin a bhfuil scríofa faoinar tharla in Éirinn san am atá thart, ar éigean má chuirtear san áireamh ann go raibh teanga eile sa tír seachas Béarla (agus go bhfuil fós). Ní deirtear linn cén teanga a labhair an duine seo nó an duine siúd (gan trácht ar an teanga a labhair muintir na hÉireann trí chéile), ní cheadaítear na foinsí Gaeilge, ná ní phléitear ceann de na hathruithe is mó riamh a tháinig ar an tír - gur iompaigh formhór mhuintir na tíre ó labhairt na Gaeilge go labhairt an Bhéarla taobh istigh de chúpla glúin.
Faraor nach ceist do staraithe agus do lucht scríofa na staire amháin í seo. Toradh amháin ar an neamhshuim ollmhór seo (a théann siar cúpla céad bliain) iriseoirí, polaiteoirí, státseirbhísigh, saineolaithe, eacnamaithe agus lucht cumhachta an lae inniu ag ceapadh nach bhfuil sa Ghaeilge ach ábhar scoile, is é sin ciotaí. Nuair a iompaíonn an neamhaird, an neamhshuim agus an easpa eolais ina dhearcadh saoil, ina idé-eolaíocht, ina bhonn le gníomhaíocht Stáit, tá sé in am againn scanradh a bheith orainn, agus scanradh mór. Toradh ar neamhshuim na staraithe moltaí Thuarascáil McCarthy a scriosfadh na hinstitiúidí Gaeilge dá gcuirfí i bhfeidhm iad.
Dar leis an Dr Proinsias Ó Drisceoil san eagrán céanna seo de Feasta, ionann moltaí sin McCarthy agus deireadh le hathbheochan na Gaeilge mar pholasaí Stáit. "Tá cath romhainn amach," arsa Proinsias.
vendredi 28 août 2009
NAMA namá
Dá rachadh na bainc i ndiaidh a bhféichiúnaithe láithreach bheadh orthu seo a gcuid sócmhainní uile - más é sin an focal - a dhíol ar an bpointe. Bheadh oiread sin sealúchais ar an margadh ag an am céanna ansin go dtitfeadh an tóin as an margadh uile. Bheadh teach le fáil ar ‘ardaigh orm é.’ Os a choinne sin, níl NAMA ag iarraidh an sócmhainní seo uile a cheannach thar a luach. Tá an luach sin le hoibriú amach fós. Ach is luach é a bheidh i gcoibhneas leis an méid airgid a bheifí ag súil a fháil ar na sócmhainní sin dá ndíolfaí arís iad, abair i gcionn ceithre nó cúig bliana.
Nílim in ann a rá; agus táim cinnte go rachaidh an argóint ar aghaidh is ar aghaidh. Níl ionamsa ach leabharlannaí. Ach de bharr mé a bheith sáite sna leabhair, níor chuala mé argóint Uí Chuív cheana agus chuaigh sé i gcion orm. Anois ar ais chuig na leabhair chéanna nó déarfar gur cancrán mé agus nach dtuigim céard faoi a bhfuilim ag caint.
jeudi 27 août 2009
Eriugena agus Theodorus
Is é Dennis King a d’iarr orm an pictiúr seo a scanadh agus tá súil agam gur éirigh liom sin a dhéanamh go sásúil. Feictear dom go bhfuil giorria álainn dúisithe aige féin agus ag Aonghus. Tá an pictiúr le fáil mar thulmhaisiú le heagrán I.P. Sheldon-Williams de Periphyseon (De Diuisione Naturae) Iohannes Scottus Eriugena. Is i lámhscríbhinn in Bibliothèque Nationale na Fraince atá sé: lat. 6734 f. 3r. Is éard tá sa lámhscríbhinn sin cóip d’achoimre ar an Periphyseon, an Clavis Physicae, a scríobh Honorius Augustodunensis. Deir Dermot Morgan gur idir na blianta 1125 agus 1130 a scríobh Honorius a leabhar agus go bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuil sé le fáil ann lán de phictiúir áille. Baineann an lámhscríbhinn leis an dara haois déag. Is í an leagan is sine den Clavis í dá bhfuil ar fáil.
Is iad atá sa phictiúr Iohannes seo againne – ‘genere scotho’ – ar thaobh na láimhe deise agus Theodorus éigin – níl a fhios agam cérbh é ach deir an pictiúr gur Gréagach é – ‘genere greci’ – ar thaobh na láimhe clé.
Tá scrolla ag sileadh as a láimh chlé gach duine acu. Tá castacht álainn ag baint leis na scrollaí seo nach bhfuilim in ann a scaoileadh. Ní cosúil go bhfuil na scoláirí ar aon intinn, fiú, faoina bhfuil scríofa orthu (léann Sheldon-Williams an focal ‘pandit’ mar ‘pendit’). Tá ceann Theodorus níos airde; mar sin, de réir choinbhinsiúin na gcartún is na n-anime pléifimid leis sin ar dtús. Seo mar atá scríofa air:
Dogmatis is. lumen pan
dit per mentis acumen.
Sileann scrolla Eriugena trasna air sin agus seo mar atá air:
I.nvolucrum rerum. petit
is. fieri sibi clarum.
Deacracht amháin a fheicim leis na scrollaí seo ná go simplí cé leis na focail atá scríofa orthu? An iad Theodorus agus Eriugena féin atá ag labhairt? Nó an é an t‑ealaíontóir atá ag miniú an scéil dúinn agus ag insint dúinn faoin té a bhfuil an scrolla ina láimh aige? Is é sin an bhfuil Theordorus ag rá faoi Eriugena (agus é ag díriú méire air): Osclaíonn an fear seo (‘is’) solas an dogma le géire intinne. Nó an é an t‑ealaíontóir atá á rá sin faoi Theodorus. Mar a chéile, cé hé an ‘is’ atá ‘ag iarraidh go ndéanfaí castacht rudaí soiléir dó’? Theodorus nó Eriugena? Tá mo thuairim féin agam ar ndóigh.
Agus níl ansin ach ceann amháin de na castachtaí áille atá ag baint leis an léaráid seo, cuid acu pléite ag Dolores Warwick Frese agus ag M.-Th. d’Alverny; ach níl a leabhair siadsan ar an tseilf agam faraor.