Seo leabhar an-taitneamhach a thóg mé anuas den tseilf an lá cheana: Brian Óg le Pádraig Ó Conaire. Thosaigh mé air agus bhí cúig leathanach léite agam sular thug mé faoi deara go raibh sé á léamh ar chor ar bith. Tá stíl bhreá éasca ag Ó Conaire. Bhí mé gafa. Is geall le fantaisíocht codanna den leabhar. Níor thóg sé i bhfad orm an leabhar a chríochnú agus nuair a leag mé uaim é bhraith mé go raibh mé tar éis spléachadh a fháil ar rud éigin pléisiúrtha. Scríobhadh an leabhar i dtús na 20í agus foilsíodh é i 1926.
Aisteach go leor níl an chuma air gur tugadh mórán airde ar an scéal mar phíosa scríbhneoireachta. Níor áirigh Tomás Ó Floinn é i measc na n-úrscéal a raibh fiúntas litríochta iontu a scríobhadh roimh 1939. Níl ach tagairt amháin ag Alan Titley dó agus tagairt bheag eile ag Eibhlín Ní Chionnaith. (Féach Foinsí anseo.) Is cosúil, toisc gur leabhar scoile a bhí ann nó go raibh sé chomh gearr sin (111 lch) nach raibh mórán measa air. Céard is féidir liom a rá. Bhí an scéal simplí, rian na drámaíochta stáitse air in áiteanna, bearnaí áirithe plotaíochta ann. Ach bhain mé taitneamh as.
Rith rud liom agus mé ag dul don bhlag eile agam, An Litríocht seo againne. Litir a scríobh an tiarna seo, Mac Uibhelinn, chuig an nGiúistís sa bhliain 1568. Tá sé geall leis doléite ag aon duine nár oileadh i léann na scol. Tá sé lán le giorrúcháin. Cé léadh é mar sin? Duine eile a oileadh i léann na scol. Bhí an ceart ag George Bernard Shaw sa Doctor's Dilemma mar sin: every profession is a conspiracy against the laity. Tá faitíos orm go gcaithfear an focal 'dúnta' a úsáid sa chomhthéacs seo agus diamhróireacht a chur i leith an aosa léinn. Sin agus an chaoi nár ghlac siad, is cosúil, le nithe mar pheannaireacht nó scríbhneoireacht reatha ná le húsáid fhorleathan pháipéir a chuir bac lena gcumas cur in éadan ghabháil na Sasanach. Páipéar agus peannaireacht a chloígh na taoisigh chomh cinnte céanna le claíomh agus cailibhéar.
Ag leanúint orm ag léamh Eckermann faoi Ghoethe. Amanta is féidir le Goethe a bheith dochreidte uasal le híseal agus thar a bheith tromchosach. Is mall dá réir sin atáim ag dul tríd na Converstions. Léigh mé an píosa faoi Shakespeare anois beag. Ritheann sé liom go bhfuil deacracht bhunúsach ag baint le Shakespeare, fiú sa léamh seo ag Goethe air: go bhfuil sé mór, go bhfuil nádúr an duine ar fad léirithe aige, gur beag is féidir le drámadóir a dhéanamh ina dhiaidh, cinnte ní féidir leis tada a dhéanamh gan staidéar a dhéanamh air. Déanann Eckermann pointe maith: nach raibh cuid dá ndearna sé ag brath ar an aois inar mhair sé agus ar na daoine tallannacha eile a bhí thart air? Aontaíonn Goethe leis sin. Ach, dar liomsa, tá i bhfad níos mó i gceist ná lucht comhaimsire. Tá teacht le chéile smaointe i gceist, chomh maith le teacht chun cinn foirmeacha léirithe, agus thar aon rud eile – polaitíocht. Tá eochair an chinéal seo léamh tugtha dúinn ag Edward Said. Ach, ag léamh Orientalism Said dúinn, ná ceapaimis go mbaineann sé le litríocht na hEorpa san naoú haois déag amháin – Jane Austen agus plandálacha siúcra na nIndiacha Thiar etc. Bhí go leor polaitíochta agus plandála i gceist in aimsir Shakespeare freisin, mar is eol dúinn. Is dlúthchuid de litríocht na tréimhse iad an feachtas mór i gcoinne bharbaracht na nGael, éirí amach Essex, agus beartaíocht cruinn rúnda neamhscrupallach Cecil. Sa bhliain 1607, mar shampla, ní hamháin gur imigh na hIarlaí, ach bunaíodh Virginia Colony i Meiriceá agus léiríodh Hamlet ar bhord loinge amach ó chósta Sierra Leone. Ná déanaimis dearmad, ach an oiread, gur ghlac Shakespeare páirt sa chaitheamh anuas ar na Gaeil chomh fonnmhar céanna le Sidney, Spencer, agus Ben Johnson. Drámadóir polaitiúil é Shakespeare chomh maith le duine. An “Renaissance,” an drámaíocht stáitse, náisiúnachas Shasana, agus an concas agus an coilíniú go háirithe in Éirinn agus i Meiriceá, a chruthaigh cuid nach beag de shaoldearcadh Shakespeare. An mianach céanna sin a bheith ag teacht chun cinn sa Ghearmáin i dtús na naoú haoise déag a chruthaigh freagairt Ghoethe dó. Chruthaíonn impiriúlachas náisiúnach an Renaissance litríocht ina íomhá féin. Feileann sé don dearcadh sin go mbeadh fathaigh liteartha ann a sheasann d'oireachas agus d’ardchéimíocht an náisiúin agus a léiríonn a ollmhaitheas os cionn cách – über alles – mar a sheasann an Eiger os cionn sléibhte an nAlp – an íomhá beagáinín leamh a d’úsáid Goethe féin ag caint ar Shakespeare dó. Seasann Goethe do náisiún na Gearmáine mar a sheasann Shakespeare do náisiún Shasana – agus bhí a fhios aige é. Ach abair mura nglacann muid le príomaíocht an duine aonair, le hardchéimíocht an náisiúin, le forlann an chultúir seo againn féin, le ceartas an choncais agus an choilínithe, le cead an phlandálaí magadh faoi Ghaeil agus caitheamh anuas ar Ghiúdaigh? Cá bhfágann sé sin Shakespeare? Cá bhfágann sé Goethe?
Tá obair atheagraithe na leabhar fós ag dul ar aghaidh... ach a dheireadh le feiceáil, ceapaimid, ar fhíor na spéire. Bhí sé i gceist agam liosta a dhéanamh ar na príomhfhadhbanna a bhaineann leis an obair seo – iad a aicmiú go fiú. Ach anois agus an chéad fhlosc chun oibre imithe tá dearmad déanta ar chuid mhaith acu. Seo an méid is cuimhin liom.
1. Baineann fadhbanna áirithe leis an tosaíocht a thugtar do na prionsabail aicmithe thar a chéile. Ar na prionsabail aicmithe a d’fhéadfadh a bheith i gceit tá: (a) an teanga ina bhfuil an leabhar scríofa, (b) an t‑ábhar lena mbaineann an leabhar, (c) méid an leabhair, (d) fiúntas an leabhair ó thaobh úsáidte nó eile de, (e) maisiú nó cuma an leabhair, (f) seánra, (g) aois. Cé acu sin is tábhachtaí?
2. D’fhéadfadh sé go mbaineann an leabhar le hábhair dhifriúla: bailiúchán béaloideasa d’oidisí cócaireachta as Dún Chaoin; leabhar faoi stair na hamharclannaíochta in Éirinn san ochtú haois déag móide cur síos beathaisnéisiúil ar na príomhaisteoirí; nó ceann a chonaic mé fágtha i leataobh ar bhord an lá cheana: Stair na hEitileoireachta. Amanta is féidir leis an UDC (nó leis na huimhreacha cúnta a bhíonn in úsáid mar chuid den chóras) na deacrachtaí seo a réiteach ach go minic bíonn cinneadh le déanamh: 398 (béaloideas) nó 641 (cócaireacht) nó 9417 (CIA: DCh) .
Tá an t‑ábhar seo aistreánach, deir tú. Cé eile ach leabharlannaí a chuirfeadh spéis ann? Ach tá na prionsabail agus na deacrachtaí céanna sin ag obair in gach gné den saol. Níl cistin ar bith nach bhfuil córas eagraithe agus aicmithe de shaghas éigin ag obair ann. I dtarraiceán an sceanra céard a chuirtear ar clé? Na sceana? Na foirc? Na spúnóga? Nach cuma? Ceart go leor... athraigh thart iad. Agus cá gcuireann tú an corcscriú?
Anois agus an samhradh faoi lán tseoil tá an Leabharlann ag tapú na deise chun atheagrú a dhéanamh ar a cuid leabhar, seilfeanna nua á gcur isteach, leabhair á gcur orthu, agus mar sin de. Táim sáite ann faoi láthair – glacaim briseadh beag chun é seo a scríobh. Amanta bím sásta nach mise an príomhleabharlannaí anseo ach an tánaiste.
teach, agus mar sin schun atheagrú a dhéanamh ar a gcuid leabhar, seilfeanna nua a chur isteach, agus mar sin sTá deacrachtaí móra bunúsacha ag baint leis an obair. Nílim ag caint faoi lóistíocht an atheagraithe ar fad – cén chaoi le leabhar a aistriú ó áit go háite, cén chaoi le hiad a choinneáil in ord etc. Táim ag caint faoi rud níos bunúsaí go mór na sin: an rangú féin, an t‑aicmiú.
An cheist seo mar shampla: an n‑eagraímid na leabhair de réir ábhair nó de réir teanga? An gcuirimid na leabhair Ghaeilge ar fad le chéile nó an roinnimid na leabhair Gaeilge, dála mar a rinne Méabh leis na Gaileoin, ar na leabhair eile de réir ábhar. Casadh ollamh ollscoile orm uair amháin a dúirt gur de réir teanga ba cheart na leabhair a roinnt. Rith sé liom go mb’fhéidir go raibh ciall leis sin: freagraíonn teanga do chultúr agus is caomhnú cultúir atá uainn, seans. Díreach mar nach mbíonn coibhéis dhíreach idir focail in aon dá theanga, ní bhíonn coibhéis dhíreach idir leabhar réalteolaíochta, abair, sa Ghaeilge agus leabhar faoi astronomy sa Bhéarla.
Os a choinne sin, níl muide, pobal na Gaeilge, ag plé le cultúr atá dochtshéalaithe nó leáshéalaithe; nílimid beag beann ar chultúir eile, go háirithe cultúr an Bhéarla agus cultúr comónta liobrálach an Iarthair. Cuid den chultúr sin díriú ar an ábhar, díriú ar an eolas. Má tá an t‑eolas ar fáil i nGaeilge nó sa Rúisis, tá go maith; ní dhéanann sin aon difear.
Féach go bhfuilim cheana féin tar éis teacht chuig ceann de na bundeacrachtaí a bhaineann le Gaeilge agus le cultúr na Gaeilge: an aguisín í an Ghaeilge nó ab í ár saol ar fad í? Ach níl an t‑am agam anois é sin a phlé. Ní mór dom filleadh ar na leabhair.
Cén córas aicmithe a úsáideann an Leabharlann seo againne? Tá muide ar cheann den fhíorbheagán leabharlanna in Éirinn a dhiúltaíonn d’impiriúlachas anglashacsanach an Dewey Classification System (féach 820 ar fad i gcomhair litríocht an Bhéarla - tús áite agus rannóg mhór - agus 891.68 i gcomhair litríocht na Gaeilge ar fad agus 895.1 i gcomhair litríocht na Sínise – an litríocht is sine ar domhan agus an teanga a bhfuil an líon is mó cainteoirí aici). Bí ag caint ar WASPachas abú. Is mór an náire gurb é Dewey atá fós in úsáid in Éirinn sna leabharlanna poiblí ar fad agus i leabharlanna na n‑ollscoileanna.
UDC, Universal Decimal Classification, a úsáideann muide. Tá sé i bhfad níos cothroime – agus níos ciallmhaire – agus dar liomsa, níos cruinne. Ach tá na leabhair ag glaoch. Ní mór dom dul ar ais chucu.
Táimid i lár an tsamhraidh agus is gearr uainn eagrán mhí Iúil de Feasta. I measc na n-ábhar a ndéanaim tagairt dóibh san eagrán sin tá Tuarascáil Uí Riain ar mhí-úsáid leanaí agus freagracht na Roinne Oideachais sa drochobair. Tagraím freisin do na chéad teagmhálacha atá ar marthain idir Éire agus Pápacht na Róimhe. Amach anseo – ach níl a fhios agam fós cén uair – ba mhaith liom cúpla rud a rá faoin eilifint i Seomra na Staire. Táim cinnte go bhfuil a fhios agaibh céard é féin. Agus ós ag caint ar phleananna dom, ba mhaith liom na seanaistí in Feasta a chur suas anseo in áit éigin – na cinn a scríobh mé roinnt míonna siar, abair. Tá sé cinn ar fad acu ann go dtí seo – mar a deir lucht ceoil, tempus fuga est. Idir an dá linn, bainigí sult as as an dea-aimsir agus as na laethanta fada. Is i ngioracht a bheidh siad ag dul as seo amach.