
Tá Feasta amuigh anois agus má tá an t-ádh ort agus cóip faighte agat, tá a fhios agat gurb éard tá i gceist agam leis an Eilifint sa Seomra ná an chaoi nach dtugann staraithe na hÉireann aon aird ar an nGaeilge. Ní hann don Ghaeilge sa chuid is mó mór de stair na hÉireann; is é sin a bhfuil scríofa faoinar tharla in Éirinn san am atá thart, ar éigean má chuirtear san áireamh ann go raibh teanga eile sa tír seachas Béarla (agus go bhfuil fós). Ní deirtear linn cén teanga a labhair an duine seo nó an duine siúd (gan trácht ar an teanga a labhair muintir na hÉireann trí chéile), ní cheadaítear na foinsí Gaeilge, ná ní phléitear ceann de na hathruithe is mó riamh a tháinig ar an tír - gur iompaigh formhór mhuintir na tíre ó labhairt na Gaeilge go labhairt an Bhéarla taobh istigh de chúpla glúin.
Faraor nach ceist do staraithe agus do lucht scríofa na staire amháin í seo. Toradh amháin ar an neamhshuim ollmhór seo (a théann siar cúpla céad bliain) iriseoirí, polaiteoirí, státseirbhísigh, saineolaithe, eacnamaithe agus lucht cumhachta an lae inniu ag ceapadh nach bhfuil sa Ghaeilge ach ábhar scoile, is é sin ciotaí. Nuair a iompaíonn an neamhaird, an neamhshuim agus an easpa eolais ina dhearcadh saoil, ina idé-eolaíocht, ina bhonn le gníomhaíocht Stáit, tá sé in am againn scanradh a bheith orainn, agus scanradh mór. Toradh ar neamhshuim na staraithe moltaí Thuarascáil McCarthy a scriosfadh na hinstitiúidí Gaeilge dá gcuirfí i bhfeidhm iad.
Dar leis an Dr Proinsias Ó Drisceoil san eagrán céanna seo de Feasta, ionann moltaí sin McCarthy agus deireadh le hathbheochan na Gaeilge mar pholasaí Stáit. "Tá cath romhainn amach," arsa Proinsias.