Ní dóigh liom gur maith an smaoineamh don leabharlannaí an iomarca baint a bheith aige le cúrsaí poiblí. Ní hé sin an cúram atá air. Má nochtann sé tuairim faoi chúrsaí “polaitíochta,” tá an baol ann go bhfeicfear mar chancrán é. Gnó an leabharlannaí (nó cuid de) an mionsonra, an freastal, an t-ord, cúram na leabhar agus eolas orthu. Ach... bhí mé ag éisteach le Raidió na Gaeltachta ar maidin agus – táim ag dul sa seans anseo, admhaím – chuala mé an chosaint ab fhearr fós ar NAMA – scéim Rialtas na hÉireann chun na bainc a shábháil – ó bhéal an Aire Éamoin Uí Chuív. Seo é (i mo chuid focal féin).
Dá rachadh na bainc i ndiaidh a bhféichiúnaithe láithreach bheadh orthu seo a gcuid sócmhainní uile - más é sin an focal - a dhíol ar an bpointe. Bheadh oiread sin sealúchais ar an margadh ag an am céanna ansin go dtitfeadh an tóin as an margadh uile. Bheadh teach le fáil ar ‘ardaigh orm é.’ Os a choinne sin, níl NAMA ag iarraidh an sócmhainní seo uile a cheannach thar a luach. Tá an luach sin le hoibriú amach fós. Ach is luach é a bheidh i gcoibhneas leis an méid airgid a bheifí ag súil a fháil ar na sócmhainní sin dá ndíolfaí arís iad, abair i gcionn ceithre nó cúig bliana.
Nílim in ann a rá; agus táim cinnte go rachaidh an argóint ar aghaidh is ar aghaidh. Níl ionamsa ach leabharlannaí. Ach de bharr mé a bheith sáite sna leabhair, níor chuala mé argóint Uí Chuív cheana agus chuaigh sé i gcion orm. Anois ar ais chuig na leabhair chéanna nó déarfar gur cancrán mé agus nach dtuigim céard faoi a bhfuilim ag caint.