B'fhéidir go gceapfaidh sibh gur aisteach an greann atá agam ach táim fós ag gáire faoin bhfíseán seo (scrolltar síos). Mar dhuine a thug faoin Danmhairgis a fhoghlaim, chuir sé mé sna trithí. Samhlaigh Gaeilge a fhoghlaim sa litriú clasaiceach ach gan h-eanna i ndiaidh na gconsan agat le taispeáint duit go bhfuil siad séimhithe, agus ansin na focail a d'fhoghlaim tú ar an gcaoi sin a chloisteáil á rá. Léann tú: Tá mé ag foglaim na Gaeidilge. Is mait liom í a leigeam. Agus cloiseann tú, abair: Tá mé a fólaim na Gaeilge. Is ma liom í a léú.
Mar shampla, sa Danmhairgis, deirtear doven (leisciúil) rud beag cosúil leis an gcaoi a deir muidne 'domhan', dig (tusa) cosúil le 'daigh', afstand (achar) cosúil le 'abhsteim', glad (sona) cosúil le 'gluth', laege (dochtúir) cosúil le 'lae' etc. Ceann is breá liom: le Tivoli deirtear 'tiúlaí. Agus cá bhfágann tú an fealsamh cáiliúil: Surn Kíceagó.
Grúpa grinn teilifíse san Iorua a rinne an clár a bhfuil an mhír seo ann, Uti Vår Hage, agus iad ag magadh faoina comh-Lochlannaigh. Tá sé áiféiseach uile - sin é an fáth a bhfuil sé greannmhar is dócha - ná glactar dáiríre leis, mar a deirtear sa tráchtaireacht faoin bhfíseán. Is fiú an tráchtaireacht chéanna a léamh freisin: tuisceanach, greannmhar, íorónta ar bhealach nach mbíonn a leithéid ar YouTube go minic. Mo thaithí phearsanta ar mhuintir na Danmhairge gur daoine lácha iad, malairt ar fad a bhfuil i gceist leis an bhfocal 'danartha', agus más aon fhianaise an tráchtaireacht, go maith in ann gáire fúthu féin.