
Tá Feasta na míosa seo amuigh, a chairde. Is éard a theastaigh uaim a dhéanamh breathnú ar Éamonn Mac Giolla Iasachta agus ar a chuid oibre i gcúrsaí ginealais mar chúlú ón nGaeilge agus mar dhíspeagadh uirthi. Titim siar a bhí ann go cinnte ó obair an Athar de Bhulbh atá pléite ag Dubhaltach anseo. Freagairt a bhí sa chúlú pearsanta seo, dar liom, don Chogadh Cathartha ar thaobh amháin agus d'urlámhas an Bhéarla i gcúrsaí riaracháin ar an taobh eile.
Ar aon chuma, theastaigh uaim clúdach na míosa seo de Feasta a chur leis seo ach, an gcreidfeadh sibh, ní thig liom mo lámh a leagan air. Mar sin shíl mé an cárta poist seo a fuair mé sa phost an lá cheana a chur suas. Dráma nua le Darach Ó Scolaí a thosaigh sa Project i mBaile Átha Cliath aréir, An tSeanbhróg.
'Dráma grinn ... a fhéachann go caolchúiseach ar an stair agus ar an soiscéal náisiúnach.... dearcadh difiúil ar an Éireannachas....'
Beidh sé ar siúl i Leitir Ceannainn chomh maith le linn an Oireachtais a deir an cárta.