tag:blogger.com,1999:blog-77435999925536549402024-03-20T08:45:35.220+00:00Anuas den tSeilfCailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comBlogger68125tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-64871840885639585502011-12-09T12:09:00.002+00:002011-12-09T12:11:11.068+00:00In aghaidh dheachtóireacht Mharcozy
Ceann de na huirlísí is cumhachtaí ag aon deachtóir an faitíos, an t-imeaglú. Tá deireadh linn má thiteann an euro as a chéíle (níl). Tá deireadh linn má thiteann na bainc as a chéile (níl). Smaoineamh eile ag deachtóirí: againne is fearr a fhios. Ní aontaíonn muintir Avaaz leis sin. Ní aontaíonn siad le deachtóireacht Mharcozy ná leis an gcineál eacnamaíocht bhuile atá siad ag moladh bunaithe ar leas na mbanc mór Gearmánach agus Francach agus ar choincheap den mhargadh idéalach nach bhfuil ann ach cur i gcás bréagach.
Luaigh mé an eagraíocht seo, Avaaz, cheana. Bíonn siad ag eagrú achainnithe ar son agus in éadan nithe difriúla. Seo é an ceann is déanaí acu - i gcoinne deachtóireacht Mharcosy, mar is dóigh liomsa, agus ar son an daonlathais. Seo é an áit ar féidir an achainní a shíneadh - má aontaíonn tú leo.
<div style="color: red; font-family: "Helvetica Neue",Arial,Helvetica,sans-serif; text-align: center;">http://www.avaaz.org/en/democracy_trumps_austerity/?cl=1445025809&v=11513
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-31973151527448161432011-11-29T20:47:00.002+00:002011-11-29T22:09:05.514+00:00Taibhse sa chúinne
<span style="font-family: Georgia,"Times New Roman",serif; font-size: small;">Duine anaithnid a thug mé air bliain ó shin. Níl sé anaithnid níos mó. Ní mórán eolais a fuair mé faoi an t-am seo an bhliain seo caite. Déan gúgláil ar ‘Kevin Cardiff’ anois agus gheobhfaidh tú os cionn 73,000 freagra. Leithéidí seo mar shampla. Mar gheall ar go bhfuil sé molta ag an Rialtas le haghaidh post i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa. Agus sin, b’fhéidir, mar a thuairimigh Shane Ross, mar gur theastaigh ón Rialtas fáil réidh leis. Tá sé thar am na státseirbhísigh eile atá ag rialú na tíre gos íseal – go háirthe na Rúnaithe agus na hoifigigh arda sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Oideachais atá ag oibriú faoi cheilt agus go héifeachtach i gcoinne na Gaeilge – a thabhairt amach faoi sholas an lae, a ainmniú agus a cheistiú.
<div class="MsoNormal" style="font-family: Georgia,"Times New Roman",serif;">Ach mar a dúirt mé anuraidh, cé mise le bheith ag iarraidh daoine a nochtadh! Agus sin é an fáth, a chairde, nár chuala sibh oiread sin uaim le tamall agus nach gcloisfidh sibh oiread sin uaim amach anseo – ainneoin an chineáltais a léirigh sibh dom i gcónaí agus an fháilte a chuir sibh romham. Ach is fearr liom fanacht faoin gclóca dubh; taithím de rogha na cúinní dorcha, na dorchlaí rúnda; maith liom i gcónaí cuimilt amhrasach na scáth; cuimhní beophianta in aimsir an mhíshonais ar uair an tsonais ná ceapadh – mar a dúirt Dante, má dúirt. Is é sin le rá, is fimíneach rómánsach mé.
<div class="MsoNormal" style="font-family: Georgia,"Times New Roman",serif;">Ach láithreoidh mé anseo anois is arís, mar atá mé ag laithriú in áiteanna léannta leis na cianta, méar thaipseántach na láimhe deise sáite i seanchodex lámhscríofa atá fáiscthe le mo chliabhrach, méar thaispeántach na láimhe clé dírithe – sa mhéid is gur féidir liom mo sheamhéara craplaithe a dhíriú ar chor ar bith – ar thaibhse éigin ar an taobh thall den seomra léitheoireachta – cé leis a bhfuil sé cosúil? Bismarck? Bethmann-Hollweg, b’fhéidir? Ní hea, is é Karl Helfferich atá ann. Cé eile!
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-43850586817137988232011-05-18T18:11:00.001+01:002011-05-18T18:12:01.150+01:00Scafall Mumhan
Tá obair mhór thábhachtach ar bun ag dream na nOibreacha Poiblí ar Shéipéal Chormaic agus ar an Ard-Eaglais ar an gCarraig i gCaiseal Mumhan. Ar an ábhar sin tá scafall agus leatháin phlaisteacha crochta acu timpeall cuid den fhoirgneamh. Mar atá sa ghrianghraf thuas a bhreathnaigh an áit agus mé ar cuairt ann roinnt seachtainí ó shin. Níl a fhios agam cé mar a bhreathnóidh sé amárach.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com6tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-15473798436672027252011-04-23T11:43:00.002+01:002011-04-23T13:20:19.607+01:00Cothrom an lae
Oileán Í
An Cháisc a bheith chomh déanach i mbliana a chuir ag smaoineamh mé, is dócha. Cad tá i gceist le comóradh a dhéanamh ar ócáid a tharla fadó? De ghnáth déanaimid an comóradh ‘cothrom an lae’ a tharla an ócáid. Cad a chiallaíonn sé sin? De ghnáth ciallaíonn sé go ndéanaimid an comóradh ar an dáta céanna agus sin go hiondúil de réir an fhéilire thuata (sa mhéid is go bhfuil a leithéid de rud agus féilire tuata ann). Is é sin má tá cáipéis ann a deir gur rugadh duine ar 23 Aibreán 1711, déanaimid comóradh ar an mbreith sin ar 23 Aibreán i mbliana. Ach más i Sasana a rugadh an duine sin, cuiream i gcás, ní baileach go bhfreagraíonn an dá dháta; beidh aon lá déag de dhifear ann. (Ach cad a chiallaíonn difear? Nó cá bhfuil an pointe socair sna cúrsaí seo ar fad?) Agus dá mba ar 23 Feabhra (dhá mhí roimhe sin) a rugadh an duine, ní sa bhliain 1711 a rugadh é ar chor ar bith ach sa bhliain 1710. 
Maidir le comóradh na Cásca, ní de réir an fhéilire thuata shibhialta a dhéantar sin ach de réir chomhairimh chasta a bhí ina ábhar aighnis go minic san am a chuaigh thart agus a bhí ina chúis tráth le raic mhór idir an eaglais Ghaelach agus eaglais na Róimhe, oidhrí Cholm Cille agus muintir Oileán Í, mar shampla, ag seasamh an fhóid don sean-chomhaireamh. Bhí an bua ag comhaireamh na Róimhe, ní gá a rá.
Deirimse gurb í an Cháisc a bheith 'déanach' a chuir ag smaoineamh mé ach b'fhéidir gur rud eile é: fear a chonaic mé inné ag bailiú airgid don pháirtí polaitiúil, Sinn Féin, agus dá réir sin ag déanamh comóradh ar Éirí Amach na Cásca, 1916. Mar a tharlaíonn i mbliana tá féilire eaglasta an iarthair agus an féilire tuata beagnach ‘cothrom’ ó thaobh Éire Amach na Cásca de, gan ach lá amháin de difear eatarthu.
Bíodh Cáisc mhaith agaibh. 
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-50621509274815643652011-02-17T12:00:00.001+00:002011-02-17T12:00:58.340+00:00Enda éigeantach?
Na Ceannairí ag díospóireacht ar TG4 16 Feabhra 2011
<span style="font-family: "Times New Roman";">Bhuel, tá a fhios againn anois é. Rogha pearsanta é (‘whim’ sílim an t‑aistriú Béarla a chonaic mé le mo shúil eile sna fotheidil). Níl aon taighde déanta ag Enda ná ag a pháirtí ar cheist na Gaeilge éigeantaí, níl aon bhunús eolaíochta, sochtheangeolaíoch, nó eile leis an gcinneadh. Tá sé dochreidte go mbunódh ceannaire páirtí (ceannaire stáit?) polasaí chomh tábhachtach le Polasaí Gaeilge ar mhothúchán pearsanta, cuma cé chomh ionraic agus cé chomh macánta is atá na mothúcháin chéanna.
<span style="font-family: "Times New Roman";">Sula mbreathnaím ar cheist na Gaeilge, ba mhaith liom a rá gur thaitin an díospóireacht liom agus shíl mé go raibh sé chomh maith le haon rud a bhí feicthe cheana agam. An seanscéal, bígí ag damhsa ach ná cuirigí cos amú. Agus níor chuir. Ar an gcaoi sin chuir Enda lena sheansanna (an taoiseach éigeantach faoin am seo?) mar bhíomar ag ceapadh go gcuirfeadh sé cos amú. Ach d'éirigh le Éamon agus le Micheál ó thaobh phobal na Gaeilge de, cheapfainn, sa mhéid is go raibh siad chomh láidir sin ar son stádas an Gaeilge san Ardteist. Ach bhí sé go maith iad ar fad a chloisteáil chomh dearfa sin faoin Údarás agus faoin Straitéis i gcoitinne. Is í ceist na Gaeilge dáiríre a thug úire don díospóireacht. 
<span style="font-family: "Times New Roman";">Ach an raibh an ceart ag Enda nach bhfuil ach aon ábhar amháin ‘éigeantach’ san Ardteist? An Ghaeilge. Níl féidir liom a dhéanamh amach. Ní hamháin go bhfuil suíomh idirlín na Roinne Oideachais agus Scileanna amscaí agus easnamhach – agus i mBéarla den chuid is mó – ach tá an dá ráiteas a d’aimsigh mé ann ag teacht salach ar a chéile
<span style="font-family: "Times New Roman";">Thabharfadh an freagra ar an gceist choitianta seo maidir le pointí i gcomhair traenáil múinteoireachta le fios go bhfuil trí ábhar éigeantach ann: Gaeilge, Béarla agus Mata. 
<span style="font-family: "Times New Roman";">Do I have to count the compulsory subjects for points?<span style="font-family: "Times New Roman";"> 
<span style="font-family: "Times New Roman";">No; while you must secure the specified minimum standard in Irish, English and Maths, you need not necessarily count those subjects for points. Your points will be calculated on your best six subjects, regardless of which subjects those are.
<span style="font-family: "Times New Roman";"> Os a choinne sin, seo a ndeirtear faoin Ardteist féin: 
<span style="font-family: "Times New Roman";">Pupils following the established Leaving Certificate programme must take at least five subjects, including Irish. 
<span style="font-family: "Times New Roman";"> B’fhéidir go bhfuil dearcadh na Roinne Oideachais doiléir bíodh is go ndeir an blagaire Béarla seo gur shoiléirigh Mary Hanafin an scéal d'Enda sé bliana ó shin ag tabhairt le fios nach raibh ach an Ghaeilge éigeantach. Nó b’fhéidir go bhfuil dhá rud á mheascadh anseo. Polasaí na Roinne Oideachais agus na riachtanais iontrála i gcomhair coláistí agus institiúidí tríú leibhéal a bhíonn á bpróiseáil ag an Lár-Oifig Iontrála. Tá na riachtanais sin leagtha amach anseo agus anseo d'institiúidí teicneolaíochta. Mar is léir tá Gaeilge, Béarla agus Mata éigeantach i gcásanna áirithe agus níl i gcásanna eile. I gcásanna na nInstitiúidí Teicneolaíochta, má thuigim an scéal i gceart, tá an Mata riachtanach agus ceachtar acu Gaeilge nó Béarla.
<span style="font-family: "Times New Roman";">Ach seo é an pointe. Tá an Ghaeilge ag iarraidh tacaíochta mar nach í gnáth-theanga fhormhór mhuintir na hÉireann í. Bheadh athrú i stádas na Gaeilge tubaisteach i gcomhthéacs na tíre uile agus i gcomhthéacs na tacaíochta a thugann pobal Béarla na tíre don Ghaeilge tríd an stádas san Ardteistiméíreacht. Ach maidir le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta féin, is éard tá uainne Roinn Oideachais dár gcuid féin.
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com6tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-35370723752141477472011-01-28T14:56:00.000+00:002011-01-28T14:56:40.972+00:00Turas in aisce
An Dart - Níl sé ann fós!
Aistriúcháin phoiblí ag tarraingt m'airde le tamall anois. Tharla go raibh mé ar an Luas i mBaile Átha Cliath dhá lá ó shin agus thaitin sé liom an chaoi a raibh na stadanna á dtabhairt amach i nGaeilge chomh maith le Béarla. B'fhearr an traein mhór a raibh mé ag taisteal uirthi ina dhiaidh sin - thaitin sé liom an chaoi a raibh an Ghaeilge agus an Béarla cothrom. Bhí an Ghaeilge chun tosaigh: "Cuireann Iarnróid Éireann fáilte romhaibh ar bord; seo é an traein go ...." agus mar sin de (ní cuimhin liom na focail go beacht) agus nóiméad ina dhiaidh sin an Béarla. Anois agus an Straitéis 20 Bliain ann (súil agam píosa a scríobh faoi in Feasta) ba cheart go mbeadh muid ag dul i dtreo an dá theanga a bheith cothrom ar fad go poiblí. Tá an Dart ag dul sa treo sin ach níl sé ann fós - níl sé ann fós, níl sé ann fós.
Rud a chuireann i gcuimhne dom nathán a chonaic mé ar na bacainní iontrála ar an mbealach isteach go stáisiún traenach tamaillín ó shin. Bhí an bhacainn fágtha ar oscailt agus scríofa san fhuinneoigín os cionn sliotán na dticéad bhí na focail: "turas in aisce". Thaitin an débhríocht liom. Chiallaigh an nathán nár ghá dom íoc as an turas. Nó chiallaigh sé an turas a bhí le déanamh agam, nach mbeadh aon toradh air, nach bhfaighinn an rud a bhí uaim, nach mbeadh an éadáil, an bronntanas, an t-eolas, an comhluadar, an gáire nó an phóg a raibh mé ag dúil léi ag ceann scríbe ní bheadh sí ar fáil dom ag ceann scríbe. Nó b'fhéidir gur mhí-aistriú a bhí ann agus go gciallaíonn "turas in aisce" rud éigin eile ar fad.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com7tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-56149860546799914182010-12-24T16:59:00.000+00:002010-12-24T16:59:02.744+00:00Nollaig ShonaAgus mé á scríobh seo, tá líne fhada oráiste san iarthar ag fógairt go mbeidh lá geal fuar againn amárach, lá Nollag. I gcionn tamaillín bhig beidh mé ag cur páipéir ar an slám beag bronntanas atá agam anseo, leabhair den chuid is mó. An páipéar thíos a bheidh mé ag cur orthu a cheannaigh mé in Oxfam an lá cheana agus a ndearnadh mé scanadh air nóiméad ó shin.
Nollaig Shona daoibh go léir. 
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com9tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-24171682859455333492010-12-07T19:08:00.000+00:002010-12-07T19:08:17.108+00:00Duine anaithnid!Flaithiúnas na tíre caillte? Buiséad á dheachtú ag an IMF? Ní dóigh liom é. Ní hé an IMF ná Banc Ceannais na hEorpa a dúirt leis an Rialtas gearradh siar ar liúntas lucht an mhíchumais agus ná ar liúntas na ndaoine a bhíonn ag tabhairt aire dóibh. Ní hiad a dúirt leo gearradh siar ar an liúntas leanaí, ar thógáil scoileanna, agus ar cheannach trealamh leighis.
Cé dúirt leis an Rialtas é sin a dhéanamh? Cé eile, dar liom, ach an duine anaithnid. Duine a bhfuil a ainm ar eolas ag roinnt daoine ach ar deacair aon eolas cruinn a fháil air. Cuardach a rinne mé féin ar an idirlíon ní bhfuair mé d'eolas air ach a leithéidí seo: go bhfuair sé céim i UCD agus, má thuigim an tuairisc i gceart, ceann eile in Washington. Tá sé ina státseirbhíseach le fada an lá agus ina Rúnaí Ginearálta ar an Roinn Airgeadais le cúpla bliain (theip orm a fháil amach cén bhliain a ceapadh é mar ní raibh dáta leis an bpreasráiteas a d'eisigh an Roinn Airgeadais ag an am). Seo pictiúr de. Déarfá le breathnú air gur duine lách é.
Kevin Cardiff
Cé mise le bheith ag caint ar dhaoine anaithnide? Dáiríre níl aon chead cainte agam. Ach amháin sa chomhthéacs seo. Is duine anaithnid gan chumhacht mise. An fear a bhfuil a phictiúr thuas is é an duine is cumhachtaí sa tír é. Mura gcreideann tú sin, léigh an píosa beag seo as an bpreasráiteas úd. 
As the financial crisis developed over the past 18 months, Mr Cardiff was asked to concentrate solely on financial services matters. In this role, he has worked closely with the Minister in formulating the Government’s response to the crisis.
Ba cheart go mbeadh an chaint ar fad inniu, lá na cáinaisnéise móire, faoi Kevin Cardiff, na prionsabail a d'úsáid sé agus an buiséad á dheachtú aige, an ídé-eolaíocht atá aige, an fhís atá aige don tír, an rud is dóigh leis is náisiún na hÉireann ann.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com9tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-16697861069014883632010-12-01T16:18:00.003+00:002010-12-01T17:33:39.642+00:00Mioncheist mhór
Taobh istigh den Mundaneum
Ceist agam a théann go croí na leabharlannaíochta, go háirithe in Éirinn áit a bhfuil dhá theanga oifigiúla againn. Is í an tseanfhadhb í. An rangaítear leabhair de réir an ábhair nó de réir na teanga a bhfuil siad scríofa inti.
Réiteach amháin ná an cheist a chur 'cé le haghaidh an rangú?'. Nó ceisteanna eile a d'fhéadfaí a chur: 'cé bheidh ag baint úsáide as an leabharlann agus cén fáth?'
Seo sampla. Úsáidtear an uimhir 821 móide uimhir chúntach i gcomhair na litríochta i dteangacha faoi leith. Mar shampla litríocht na Gaeilge as féin: 821.152.1. D'fhéadfaí a chur i gcás mar sin go bhféadfaí uimhir mar seo a thabhairt do An Uain Bheo: 821.152.1 ÓSÚ.
Ach más leabharlann Gaeilge atá ann ní gá go mbeadh sé seo ró-chabhrach - cuid mhór de na leabhair sa leabharlann agus an uimhir chéanna acu. B'fhearr b'fhéidir uimhir an úrscéil inbhreathnaithigh a úsáid: 82-311.1 ÓSÚ.
Cá gcuirtear na húrscéalta Iodáilise sa leabharlann Ghaeilge? Faoi 821.131.1? Nó faoi na húrscéalta 82-31 agus uimhir chúntach teanga leo, b'fhéidir, mar shampla 82-31=131.1?
Is í an uimhir atá ag an tuiseal ginideach ná 81`366.543. Anois d'fhéadfaimis uimhir a thabhairt don tuiseal ginideach i nGaeilge go héasca mar seo: 81`366.543.152.1; nó an mar seo is ceart dó a bheith: 81.152.1`366.543?
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-66357268821770290262010-10-20T08:43:00.005+01:002010-10-20T08:56:34.094+01:00Ficheall 2: An n-imríonn tú?Tá a fhios agam, tá a fhios agam, ach in ainneoin gach rud, taitníonn seo liom mar radharc. (Ní gá dom a rá is dócha go mbeinnse ag imirt i bhfad níos mó fichille dá mbeadh duine agam a d'imreodh liom!) Ar aon chuma, ach Fearghus agus Conchúr ar an Táin - nó tamaillín roimhe le bheith cruinn faoi is dócha - ní dóigh liom go bhfuil aon chluiche fichille ficseanach eile a fhanann i mo chuimhne mar a fhanann an ceann seo. B'fhéidir gur féidir le duine eile smaoineamh ar cheann.
<object width="560" height="340"><param name="movie" value="http://www.youtube.com/v/sgEo0ymcp98?fs=1&hl=en_GB&rel=0&color1=0x006699&color2=0x54abd6"></param><param name="allowFullScreen" value="true"></param><param name="allowscriptaccess" value="always"></param><embed src="http://www.youtube.com/v/sgEo0ymcp98?fs=1&hl=en_GB&rel=0&color1=0x006699&color2=0x54abd6" type="application/x-shockwave-flash" allowscriptaccess="always" allowfullscreen="true" width="560" height="340"></embed></object>Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com15tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-32168481322816600422010-10-18T18:58:00.004+01:002010-10-18T19:58:34.086+01:00Ficheall
Tá a fhios agam gur fir fichille de shaghas eile a bhí i gceist anseo, ach fós nuair a léigh mé an píosa ag Mise Áine, ní fhéadfainn gan smaoineamh ar an leabhar nua gleoite seo agus é a bhaint anuas den tseilf. Ní hamháin gur leabhar gleoite é Ficheall le hÚna O Boyle, ach is leabhar iontach faoin bhficheall é. Ní fhéadfadh leabhar níos fearr a bheith ag an té ar mhaith leis an cluiche a fhoghlaim agus is leabhar an-mhaith freisin é don té ar mhaith leis feabhas a chuir ar a chuid imeartha. Tá eolas ar Úna agus ar a leabhar anseo.
Ná déan bagairt gan smaoineamh roimh ré.
Ná tóg amach do bhanríon róluath.
Má tá tú i suíomh lag, is í an chosaint is fearr in aghaidh ionsaí...
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-37972334431676703192010-09-30T18:34:00.005+01:002010-09-30T19:38:52.509+01:00Cruáil an tsaoilThaitin an t-amhrán seo liom nuair a chuala mé le gairid é. Sílim gur fearr liom, de bheagán, an leagan seo (na Surfs) seachas an leagan eile Fraincise, a tháinig amach, is cosúil, thart ar an am céanna, go háirithe an véarsa deireanach. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as idir amhrán agus cur i láthair.
<object height="385" width="480"><param name="movie" value="http://www.youtube.com/v/w5F42RyhG_0?fs=1&hl=en_GB&color1=0x234900&color2=0x4e9e00"><param name="allowFullScreen" value="true"><param name="allowscriptaccess" value="always"><embed src="http://www.youtube.com/v/w5F42RyhG_0?fs=1&hl=en_GB&color1=0x234900&color2=0x4e9e00" type="application/x-shockwave-flash" allowscriptaccess="always" allowfullscreen="true" height="385" width="480"></embed></object>Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-28820108152823459502010-09-07T11:27:00.005+01:002010-09-07T11:42:05.886+01:00Ecce! Fugax Parthus
<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >Tá na laethanta saoire thart. Tá seachtain na scoláirí thart. Nach í a bhí go haoibhinn, an tseachtain nuair a d’fhill na daoine óga ar ais ar an scoil? An aimsir ba ghile is ba ghrianmhaire le fada. Is ea, ach níl sí imithe ar fad, feictear dom. A iarsma ann fós. Saighead beag gealbhuí caite ina dhiaidh aige. Nuair a fhéachaim amach an fhuinneog anseo feicim scalladh gréine ar an tsráid lasmuigh agus na braonacha a bhí ar an bpána gloine ar ball geall leis glanta. In ionad a bheith ag caoineadh imeacht an tsamhraidh tugaimis aghaidh ar an bhfómhar ildathaithe atá romhainn.
<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >B’fhéidir gur mó an taitneamh a bhainfinn féin as an bhfómhair céanna, ar ndóigh, mura mbeadh an brú oibre atá orm i láthair na huaire. Iliomad leabhar, iliomad uimhreacha, iliomad iontrálacha. Lámhscríbhinní freisin nó tá bailiúchán beag páipéar tagtha chugainn a gcaithfidh mé dul tríothu. Lámhscríbhinní Gaeilge? I ndomhnach ní hea, ach litreacha, leabhair nótaí, agus bileoga a rinneadh le seanmheaisín Gestetner nach bhfuil aon luach leo anois ach a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil i gceann céad bliain.
<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >Ar aon chuma, mar atá ráite agam ar Feasta na míosa seo, idir seo is siúd, táim ag glacadh sosa ón scríbhneoireacht. Is é an t‑alt sin ar Feasta an buille scoir agam. Nó más maith leat, an saighead Pairtiach uaim – ‘féach,’ mar a deir Ovidius sa líne atá tugtha thuas agam, ‘tá an Pairtiach imithe leis.’ Agus saighead úd na himeachta:
<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >Teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >.<o:p></o:p>
<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >Creidim é agus creidim é go láidir: má tá an Ghaeilge le bheith beo mar theanga labhartha phobail agus mar theanga litríochta beo caithfidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta féin a bheith i mbun oideachais a gcuid gasúr. Tá spléachadh ar cé chomh iontach agus cé chomh fiontrach agus cé chomh fiúntach is a d’fhéadfadh an t‑oideachas sin a bheith tugtha ag an Dr Neil Buttimer san eagrán céanna sin de Feasta Mheán Fómhair. Ná scaoilimis an deis tharainn. Cruthaímis oideachas Gaelach den scoth anois, dúinn féin agus do na daoine óga atá ag teacht inár ndiaidh. Anois an uain agus níl againn ach í. Ná ligimis do Fantômas na Roinne Oideachais (pictiúr de thuas) an Ghaeilge a chur i leataobh.<o:p></o:p>
<span style=";font-family:";font-size:14pt;" >Táim éirí paiseanta in athuair faoi rudaí nach iad mo chúram iad. Fáth eile go gcaithfidh mé gearradh anuas ar an scríbhneoireacht seo. Níl sé go maith don chroí. Éirí as an mblagaireacht freisin? Níor mhaith liom é sin a rá. Ach mar is léir ón ráta postála agam an samhradh seo, caithfidh gearradh siar éigin a bheith i gceist. Sin agus, mar a deirim i bhFeasta, níos mó aird a thabhairt ar na leabhair. Agus cúram níos fearr a dhéanamh de chúrsaí meáchain: go leor meáchain curtha suas thar an samhradh agam – mé beagnach dhá chloch déag go leith! Caithfear gearradh anuas. Fillim, mar sin, ar na leabhair is ar an aclaíocht agus ar an scéal atáim ag léamh i láthair na huaire agus a chuir An Craoibhín in eagar i 1927, táim ag ceapadh: 'Eachtra an Amadáin Mhóir.' <o:p></o:p>
 Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-12001806140902188492010-06-30T10:42:00.004+01:002010-06-30T10:54:56.474+01:00Cúnamh aimsire
Tá an aimsir tar éis a bheith iontach le tamall anois, tríd is tríd. An leanfaidh sé? Cuir ceist ar mhuintir na hIorua. Seo suíomh ar insíodh dom mar gheall air cúpla seachtain ó shin. Feictear dom go bhfuil sé breá inúsáidte agus féadfaidh tú ainmneacha na háite a bhfuil faisnéis uait mar gheall uirthi a chur isteach i nGaeilge agus gheobhaidh tú faisnéis bhreá agus cruinn - ach athraíonn an fhaisnéis chomh maith leis an aimsir. Tá ainm an tsuímh breá simplí freisin: yr.no.
Ach ná cuirimis Met Éireann as an áireamh ach an oiread. Tá méid áirithe Gaeilge ar an suíomh acu ach tá an cur síos laethúil i mBéarla feictear dom. Ná níor shíl mé go raibh sé chomh héasca faisnéis a fháil d'aon cheantar faoi leith. Níor oibrigh an cuardach dom i nGaeilge nó i mBéarla ar an gcaoi sin. Nuair a chuir mé isteach 'Dingle' (níor éirigh le 'An Daingean') chuir siad ceist orm an é 'single' a bhí uaim.
Ar aon chuma, beidh mise ag bualadh an bhóthair ó thuaidh i gceann uair a chloig anois, i dtreo na gréine tá súil agam. Bainigí sult as an dea-aimsir.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-49128142586021345762010-06-26T22:21:00.007+01:002010-06-26T22:34:01.581+01:00Sú Talún
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-69488736496496396842010-06-24T22:02:00.005+01:002010-06-24T22:36:31.644+01:00Ag troid ar ais
Ba mhaith liom a cheapadh gur duine féaráilte mé. Ar an ábhar sin ní mór dom a aithint go bhfuil an Roinn Airgeadais ag cur i gcoinne na tuairime nár chuid siad comhairle a leasa ar an Rialtas. Dúirt siad leo go raibh siad ag brath an iomarca ar cháin ón ráchairt mhór i gcúrsaí tithíochta. Tá eolas faoi sin anseo agus anseo. Is breá an rud é go bhfuil an díospóireacht phoiblí seo tosaithe. Ní toisc go bhfuil mórán de bhuntáiste le fáil as a bheith ag fáil locht ar dhuine éigin as ar tharla, ach toisc go bhfeabhsú cúrsaí dúinn uile amach anseo. Caithfear na státseirbhísigh a cheistiú agus ní miste go bhfuil siad á gcosaint féin. Ní cluiche dhá thaobhach é seo ach cluiche iltaobhach; agus riarthóirí na tíre ar thaobh na cumhachta.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-19415378450247051852010-06-23T19:14:00.005+01:002010-06-23T19:32:37.258+01:00Athbhreithniú
An rud is annamh is iontach: nuair a chas mé an raidió air ar maidin fuair mé ‘Morning Irleand’ in ionad an cláir is ansa liom. Caithfidh go raibh sé socraithe mar sin agam ón oíche roimhe. Ar chas mé chuig RnaG ar an bpointe? Níor chas mar bhí fear ag caint agus bhí sé geall le bheith ag éisteach liom féin; ach mé níos líofa, níos ciallmhaire, níos réasúnta, níos cruinne. Brian Lucey a bhí ann, Ollamh Cúnta san Airgeadas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí sé faoi agallamh agus ag caint faoi ról na státseirbhíse sa ghéarchéim eacnamaíoch, go háirithe ról na Roinne Airgeadais.
Seo achoimre Gaeilge i mo chuid focal féin ar chuid de na rudaí a bhí sé ag rá.
Is é dearcadh na státseirbhíse go mbíonn an chomhairle a fhaigheann siad taobh istigh níos fearr ná an chomhairle a thagann chucu ón taobh amuigh. Sin ainneoin nach teicneolaithe airgeadais nó eacnamaíochta iad. Dáiríre, bíodh is go bhfuil siad an-chliste (d'úsáid sé an focal 'smart' cúpla uair), tá sé deacair acu na mionsonraí a thuiscint. Samhlaigh mura mbeadh ailtirí in Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhuel sin mar atá an Roinn Airgeadais; níl daoine atá traenáilte i gcúrsaí eacnamaíochta ann. Tá Garret Fitzgerald á rá sin le fada. Mar sin nuair a bhí an ESRI ag rá leo go raibh an Rialtas ag brath an iomarca ar cháin ó aon fhoinse amháin – réadmhaoin (tithe, talamh, etc.) – níor éist siad leo. Dáiríre níl aon struchtúr ag an státseirbhís le déileáil le heasaontais, díospóireacht, agus idirphlé. Níl aon Comhairle de Chomhairleoirí Eacnamaíochta ann, mar shampla, bíodh is gurbh fhurasta a leithéid a bhunú.
Ní bhaineann seo leis an Roinn Airgeadais amháin, a dúirt an tOllamh Lucey. Baineann sé le cosaint leanaí, mar shampla. Níl eacnamaithe d’aon sórt ag obair sa Roinn atá freagrach as leas páistí, mar sin cén chaoi ar féidir leo costas agus éifeacht scéimeanna a mheas, mar shampla? Ní hé go bhfuil leigheas gach uile dheacracht ag eacnamaithe ach tá eolas agus scileanna acu a bhíonn ag teastáil in go leor gnéithe de rialú agus riaradh na tíre.
Is ag caint ar an athbhreithniú ar obair na Roinne Airgeadais atá molta ag an Aire Brian Lenihan a bhí sé. Más maith is mithid.
Athbhreithniú eile atá ag teastáil go géar athbhreithniú ar an Roinn Oideachais, naimhde an oideachais trí Ghaeilge. Ach dáiríre ní theastaíonn aon athbhreithniú sa chás sin. Ní theastaíonn ach Roinn Oideachais dár gcuid féin.
 Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-62757182850730665102010-06-18T17:36:00.003+01:002010-06-18T17:56:44.349+01:00Léitheoireacht SamhraidhNí hamháin pictiúr aoibhinn samhrata ar chlúdach Feasta na míosa seo ach ábhar spéisiúil taobh istigh: Comhrialtas nua na Breataine, dánta, léirmheasanna (ceann ar An Béaslaíoch le Pádraig Ó Siadhail - más maith is mithid), cuntas iarbháis ar an Ollamh Seán Ó Cinnéide leis an Ollamh Séamus Ó Flaithimhín, go leor faoi chúrsaí oideachais agus ardteistiméireachta agus píosa le hAindrias Ó Cathasaigh faoi Phádraig Ó Conaire agus an iris An tÓglách.
Agus tá Cailliomachas ag cur de arís agus é ag iarraidh dul i ngleic in athuair le fadhb mhór na státseirbhíse. Tar éis dom an píosa a scríobh rith sé liom go raibh fabht eile san earnáil chumhachtach sin atá ag rith na tíre, de facto. Is é sin, in ochtóidí an haoise seo caite, chuir fear an léine Charvet cosc le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí - níor chosc iomlán é ach bhí sé trom go maith. Na daoine a d'earcófaí an t-am sin dá mbeadh earcaíocht i gceist, sin iad na daoine a bheadh ag teacht i gceannas ar an tseirbhís anois a bheag nó a mhór. Ach níor earcaíodh iad; mar sin níl siad ann. Tá taisce tallann na státseirbhíse dhá thrian folamh.
Níl aon chóras in Éirinn chun a chinntiú go n-earcaítear scoth tallann na tíre don státseirbhís. Níl aon ENA againn ná traidisiún ollscolaíochta a fhéachann le sruth leanúnach d'ábhar riarthóirí a chur ar fáil ag an leibhéal is airde mar a dhéanann ollscoileanna Oxford agus Cambridge i Sasana. Rud eile: is státseirbhís Bhéarla atá againn go huile is go hiomlán gan fiú is aon traidisiún náisiúnach acu a théann siar níos faide ná 1923 ach traidisiún impiriúil acu a théann siar beagnach míle bliain - traidisiún arb é a phríomhchúram muintir na tíre (na Gaeil) a choinneáil faoi smacht. Ní hin atá státseirbhís an lae inniu ag iarraidh a dhéanamh ach, de facto, sin atá ar bun acu. Tá an Roinn Oideachais á dhéanamh de facto agus d'aon ghnó.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-84139882726655865292010-06-09T21:16:00.009+01:002010-06-09T21:54:39.743+01:00Adhmholadh d'AdhmhaidinIs breá liom Adhmhaidin. Is fiú éisteacht leis i gcónaí ach nuair a bhíonn an meascán ceart ann is ardú croí agus meanman é. Bhí an t-ádh liom maidin inniu gur chaill mé scéal uafáis na mban ar dúradh leo go raibh a leanaí marbh sa bhroinn nuair nach raibh. Is ag am lóin a fuair mé amach faoi. Chiallaigh sin gurb é an chéad rud a chuala mé Breandán Ó Lionaird ag caint faoin halla atá le tógáil le taobh Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Dúirt sé rud a bhain gáire asam: gheall an Roinn Oideachais halla dúinn, a dúirt sé ... fan anois, a léitheoir, ... cé méad bliain ó shin? ... cúig bliana ó shin? deich mbliana ó shin? ... ní hea ... cúig bliana déag ó shin! Ansin bhí an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh ag caint faoin Tuirc i gcomhthéacs na n-ionsaithe is déanaí ag Iosrael: cur síos cuimsitheach tomhaiste ag críochnú le pointe rí-spéisiúil, go bhfuil ar chumas na Tuirce go leor uisce a chur ar fáíl d'Iosrael in aimsir triomachta. Ansin bhí fear agus iníon as Cor na Móna, Seán agus Caitríona Uí Mháille, ag caint ar an gcaoi nach bhféadfaidís teach a thógáil ar an talamh acu féin mar gheall ar Bhord Soláthair an Leictreachais - Gaeilge bhreá lán focal Béarla ag Seán, fearg agus frustrachas ina chuid cainte. Bhí Eoin Ó Murchú ag tabhairt tuairisce faoi na tuarascála is déanaí faoin tubaiste eacnamaíoch, stuama mar is iondúil leis. Sa deireadh bhí tuairisc faoin droch-sholáthar uisce i Machaire Rabhartaigh agus an chaoi a raibh sin ag cur as do chúrsaí Gaeilge agus don turasóireacht.
Scoth an phlé ar an nuacht idirnáisiúnta, náisiúnta, agus áitiúil. Maidir leis an nuacht áitiúil thacaigh sé leis an téis atá agamsa le fada gurb iad na státseirbhísigh agus an lucht riartha atá ag coinneáil lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta síos. Piolóin á dtógáil i ngarrantaí daoine. Cúig bliana déag ag tógáil halla Agus píobáin uisce ag pléascadh de shíor i gceantar turasóireachta agus coláistí samhraidh. A leithéid de script mhagaidh.
Ach ní magadh é. Deir na húdaráis náisiúnta le pobail na Gaeilge maratóin idéalachais agus comhoibrithe a rith agus ansin ceanglaíonn siad slabhraí faoina gcosa.
Sea. Ach adhmholadh d'Adhmhaidin as an nuacht a thabhairt chugainn. Is iontach an tús leis an lá é, dá dhonacht í an nuacht chéanna go minic.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-80983217043553817942010-06-04T17:29:00.005+01:002010-06-04T17:48:25.745+01:00An tImeallCaithfidh mé a rá gur bhreathnaigh Aonghus na Smaointe Fánacha agus Tomás Ó Conghaile an-mhaith sa Mhúsaem Cló ar Imeall TG4 agus iad ag caint ar an mblagaireacht is faoin mblagáil. Réaltaí teilifíse na blagaireachta iad anois gan aon dabht. Go maire sibh beirt.  
Tá ábhar sásaimh ag duine eile freisin, mar gheall ar an gclár, duine nach raibh ann mar a tharlaíonn. Is é sin an blagadóir áirithe seo, mise, Cailliomachas. Tá an mhír seo liomsa le feiceáil ar an teilifís, níl a fhios agam cén fáth. Ach dá bhfeicfeadh sibh an straois  a bhí orm agus mé ag breathnú air! Ar ndóigh sin an leathanach ar a ndeirim gur fearr liom fanacht faoi scáth. Mar sin ní ceart dom a bheith ag únfairt san fhéinsástacht mar atá mé... go háirithe agus blagadóirí eile ann atá ag freastal, ar iliomad bealaí, i bhfad níos fearr ná mise ar an sféar seo againne (breathnaítear ar imeall deas bhlag Mise Áine, mar shampla, faoi 'blagálaithe eile').
 <span style=";font-family:";font-size:100%;" >Ach mar a deir Aonghus is aisteach an meán é an teilifís. Sé nóiméad lena bhfuil ag tarlú sa bhlagaireacht Ghaeilge a léiriú! Ní féidir é. Ach thug an bheirt an-spléachadh dóibh siúd atá ar an imeall.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com8tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-66700548105891611742010-05-31T18:04:00.003+01:002010-05-31T18:11:04.204+01:00Samhradh Samhradh<object width="425" height="344"><param name="movie" value="http://www.youtube.com/v/g_akELzfEng&hl=en_GB&fs=1&"></param><param name="allowFullScreen" value="true"></param><param name="allowscriptaccess" value="always"></param><embed src="http://www.youtube.com/v/g_akELzfEng&hl=en_GB&fs=1&" type="application/x-shockwave-flash" allowscriptaccess="always" allowfullscreen="true" width="425" height="344"></embed></object>
Is breá liom teacht ar phíosaí ar YouTube nach bhfuil mórán daoine tar éis breathnú orthu. Tháinig mé ar an gceann iontach seo inniu - saithe beach. Gan aon mhagadh, tá an samhradh tagtha. An bhfuil a fhios ag aon duine cé tá ag déanamh tráchtaireachta? Feictear dom go bhfuil fios a ghnótha aige.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-88415725947659818792010-05-30T18:33:00.007+01:002010-05-30T20:48:53.423+01:00Más maith is mithid
Tá sí faoi bhláth faoi dheireadh, an sceach gheal. Bhuel, le bheith féireáilte di tá sí faoi bhláth le seachtain nó deich lá anois. Ach bhraith mé go raibh sí mall i mbliana. Ar aon chuma sin thuas pictiúr a thóg mé agus mé faoin tuath ag an deireadh seachtaine.
Is le scrios Chathair Chonstaintín i 1453 a chuireann Maurice Craig tús lena leabhar breá ar Bhaile Átha Cliath, Dublin 1660-1860, is é sin le scaipeadh na scoláirí is na lámhscríbhinní tar éis na gabhála sin agus an chaoi ar chuidigh a n-athdháileadh leis an Renaissance san Eoraip. Leanann sé air sa dara halt:
Like a seismic ripple or the last reverberation of a tidal wave, this great Levantine catastophe spread its rings until, two hundred years later, a little wave washed up the sands of a remote western shore, and James Duke of Ormonde stepped out of his pinnace on to the sands of Dublin Bay. The Renaissance, in a word, had arrived in Ireland. It was July the 27th in the year 1662. The peasantry welcomed him on the shore, dancing and strewing flowers in his path. They sang, in Irish, 'Thugamar féin an samhra linn.'
Ní hiad bláthanna na Bealtaine a chaith siad roimhe is léir ná ní mó ná sásta a bhí Dáibhí Ó Bruadair le Diúc Urmhumhan a theacht go hÉirinn.
Bunting a bhí mar fhoinse eolais ag Craig. 'It was sung,' arsa an bailitheoir cáiliúil sa réamhrá dá chéad imleabhar, A General Collection of the Ancient Irish Music (1796), 'by the band of Virgins that went out of Dublin to welcome the Duke of Ormond when he landed in Ireland.' Má thug Séamas Buitléir an Renaissance leis - agus má ba mhaith ba mhithid is dócha - ba san ailtireacht é agus sin trí Bhéarla, is cosúil. Ar fhág sé Maighdeana an tSamhraidh ar an trá fholamh, mar sin? Ar aon chuma, tá an t-amhrán go deas agus níorbh aon stró ar mhuintir na príomhchathrach - bhí Gaeilge dhúchasach riamh i mBaile Átha Cliath - é a rá. Seo daoine eile a chanadh.
Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-27860046083044088082010-04-09T17:52:00.008+01:002010-05-21T16:34:30.194+01:00Teagmháil agus tnúthán agus scoláireacht
Ag cur ar son na scoláireachta trí Ghaeilge atá mé san aiste liom i bhFeasta na míosa seo. Mar a deirim ansin, má scríobhann scoláire Gaeilge leabhar i mBéarla gan a chomh-mhaith de leabhar i nGaeilge a chur amach, is buille in aghaidh na Gaeilge í sin. Treisíonn an gníomh sin cultúr anglafónach na hÉireann - cultúr craosach nach mbíonn riamh sásta gan gach uile shórt a tharraingt chuige féin - come all to me, come all to me, mar a deireadh an tseanchailleach phiseogach a bhíodh ag iarraidh im na gcomharsan a ghoid. Lagaítear cultúr na Gaeilge gach uair a roghnaíonn scoláire Gaeilge scríobh i mBéarla agus gan scríobh i nGaeilge faoin ábhar céanna.
Leabhar eile atá tarraingthe anuas den tseilf agam anois díreach Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge le Marie Whelton (An Sagart). D'fhéadfadh sé go bhfuil an leabhar sin ar cheann de na staidéir is tábhachtaí ar an bhfilíocht agus ar an nualitríocht a foilsíodh le tamall de bhlianta. Tá an coincheap den 'apastróf' a úsáideann sí fairsing agus leitheadach ag tadhall le réimsí na reitrice, na diagachta, láithriú na filíochta, agus le ceisteanna a bhaineann go díreach le cultúr féinlárnach nó egolárnach an lae inniu.
Ó! Agus rud eile! teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.
google-site-verification: google0fc9fb33630665ec.htmlCailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-87589550872507240112010-05-18T16:32:00.006+01:002010-05-18T16:45:51.868+01:00Sicín labhrais le hanlann oráiste Seo béile a réitigh mé cúpla lá ó shin. Oideas de mo dhéantús féin é. Do dhuine amháin é ach ní bheadh sé deacair cur leis de réir mar a theastódh. Tugaimse sicín labhrais le hanlann oráiste air. Brollach sicín atá i gceist a cuireadh i maranáid – nó ar maos – ar feadh dhá uair a chloig ar a laghad. Bruitear san oigheann ansin é. Réitigh mé dingeacha prátaí agus scamhadh cairéid le dul leis.
Ní feoilséantóir mé, is léir. Os a choinne sin nílim gan bá leo siúd a shéanann an fheoil agus leo siúd a shéanann ábhar ainmhíoch. Mar shampla, ritheann sé liom go bhfuil gá againn le hanlanna le sicín anois mar gheall ar an gcaoi bharbartha a dtairgtear cuid mhaith feola – na mílte sicíní sáinnithe i gcliabháin mar shampla. Trí bhrollach sicín a cheannach in ollmhargadh táimse ag tabhairt tacaíochta do mhodh tairgthe nach n-aontaím leis agus ag léiriú easpa atrua do chréatúir eile na cruthaitheachta seo. Goilleann sin orm. Os a choinne sin, tar éis lá oibre amuigh faoin aer, ag an deireadh seachtaine, bhain mé an-sult an an mbéile seo.
Comhábhair
An Fheoil
Brollach sicín
An Mharanáid
2 spúnóg boird ola olóige
½ gloine fíona (geal is fearr agus den chineál a bheidh tú ag ól leis an mbéile más féidir – ag glacadh leis go mbeidh tú ag ól fíona leis an mbéile)
sú oráiste
taespúnóg anlann soighe
duilleog nó dó sáiste
slám duilleoga úra labhrais
Anlann oráiste
spúnóg milseoige de phlúr bán
cnap maith ime
beagán uisce
sú leath oráiste
Le dul leis
trí phráta (nó pé méid is maith leat)
cairéad tiubh
Modh
Cuir an sicín ar maos sa mharanáid tamall roimh ré.
Gearr na prátaí ar a bhfad in ocht slisne. Má tá na slisní rómhór ansin gearr trasna arís iad. Caith iad timpeall i mbabhla a bhfuil spúnóg boird ola olóige ann. Sula dtógann tú amach iad caith roinnt gráinní salainn orthu. Féadfaidh tú do rogha luibheanna triomaithe a chur leo freisin. Tóg amach ansin iad agus cuir ar leathán bácála iad agus cuir san oigheann iad ag teas (180°C nó 200°C nó marc 6). Ba cheart go mbeidís bruite go maith faoi cheann trí cheathrú uaire.
Agus sin déanta, réitigh mias bácála don sicín. Réitigh mise mar seo é. De bhrí go raibh crann labhrais bearrtha agam, bhrís mé suas cipíní ón gcrann agus chuir mé in íochtar na méise iad, thart ar trí shraith de chipíní muin marc ar a chéile agus cúig nó sé cipín i ngach sraith. Idir na cipíní chuir mé trí dhuilleog labhrais. Chuir mé gloine uisce anuas air sin ach níor chlúdaigh mé na cipíní ar fad.
Tóg an brollach sicín as an maranáid agus lig dó sileadh beagán. Leag anuas ar na cipíní sa mhias é. Cuir beagán scragaill anuas air, ach ná clúdaigh an mhias ar fad leis, díreach dóthain leis an sicín a choinneáil ó dhó. Féadfaidh tú an scragall sin a bhaint deich nóiméad nó mar sin roimh dheireadh na cócaireachta. Cuir é sin san oigheann leis na dingeanna prátaí. Beidh thart ar leath uaire an chloig ag teastáil uaidh.
Fáisc an sú as leath den oráiste. Déan roux leis an im agus an bplúr – leáigh an t im i bpota beag agus measc an plúr leis agus bruith iad ar feadh trí nóiméad nó mar sin, ag oibriú na spúnóige adhmaid i gcónaí. Bain den teas é agus cuir spúnóg boird uisce leis, á mheascadh i gcónaí. Coinnigh ort ag cur uisce leis de réir a chéile mar sin agus á meascadh go dtí go mbíonn ina leacht tiubh. Cuir an sú oráiste leis. Cuir ar ais ar an teas é agus fiuch é. Bain fiuchadh bog as go ceann trí nóiméad nó mar sin. Bain den teas é agus coinnigh te é.
Glan an cairéad. Tosaigh á scamhadh le scamhaire agus lean ort go dtí go mbeidh carn deas scamhadh agat agus cipín de chairéad. Ní gá duit an chéad scamhadh a choinneáil murar maith leat.
Cúpla nóiméad sula dtógann tú na prátaí agus an sicín as an oigheann cuir uisce ag fiuchadh. Cuir beagán salainn ar an uisce. Nuair tá sé ar fiuchadh caith an scamhadh cairéid isteach ann. Tabhair cúpla nóiméad dó – nóiméad nó mar sin tar éis don uisce fiuchadh arís. Ansin tóg an scamhadh amach arís agus cuir ar phláta é. Idir an dá linn beidh an sicín tógtha as an mias agat agus na prátaí curtha ar an bpláta freisin (ag glacadh leis go bhfuil bruite chun do shástachta).
Bain sult as.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com7tag:blogger.com,1999:blog-7743599992553654940.post-76205144329971776922010-05-10T21:02:00.005+01:002010-05-10T21:30:45.734+01:00Rún na garraíodóireachta
An tráthnóna faoi dheireadh agus an ghrian ag dul faoi, mórán mar atá sí ag déanamh anois, i bhfallaing sheomra dheargóir, bhí mé an-bhuíoch go raibh leithscéal agam a bheith amuigh: an gairdín. Sin é é, a dúirt mé liom féin, sin é rún na garraíodóireachta. Leithscéal atá ann dul amach sa dea-aimsir. Tá leithscéalta eile ann: galf, an madra, siúlóid. Ach is beag ceann ar féidir oiread céanna ama a chaitheamh leis agus atá a bheag nó a mhór faoi do smacht féin. Go dtí seo bhí mé ag breathnú ar an ngarraíodóireacht mar obair, mar dhualgas. Nach orm a bhí an dul amú.
Mar chomhartha ar an aoibhneas a bhaineann leis an bheith amuigh seo (garraíodóireacht) theastaigh uaim pictiúr de thom aitinn a phostáil - tháinig an boladh ar an aer chugam gan choinne agus mé i mbun 'garraíodóireachta' - cócónat éalaitheach le hiarracht lag de cholainn agus chuimhne - ach féach gur bhain An Códú an bhearna díom. Tá an pictiúr seo agamsa tógtha le cúpla lá ach ní fhaighim deis ar an idirlíon chomh minic sin na laethanta seo. Ach ar aon chuma, cár mhiste aiteann eile.Cailliomachashttp://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.com7