vendredi 28 août 2009

NAMA namá

Ní dóigh liom gur maith an smaoineamh don leabharlannaí an iomarca baint a bheith aige le cúrsaí poiblí. Ní hé sin an cúram atá air. Má nochtann sé tuairim faoi chúrsaí “polaitíochta,” tá an baol ann go bhfeicfear mar chancrán é. Gnó an leabharlannaí (nó cuid de) an mionsonra, an freastal, an t-ord, cúram na leabhar agus eolas orthu. Ach... bhí mé ag éisteach le Raidió na Gaeltachta ar maidin agus – táim ag dul sa seans anseo, admhaím – chuala mé an chosaint ab fhearr fós ar NAMA – scéim Rialtas na hÉireann chun na bainc a shábháil – ó bhéal an Aire Éamoin Uí Chuív. Seo é (i mo chuid focal féin).

Dá rachadh na bainc i ndiaidh a bhféichiúnaithe láithreach bheadh orthu seo a gcuid sócmhainní uile - más é sin an focal - a dhíol ar an bpointe. Bheadh oiread sin sealúchais ar an margadh ag an am céanna ansin go dtitfeadh an tóin as an margadh uile. Bheadh teach le fáil ar ‘ardaigh orm é.’ Os a choinne sin, níl NAMA ag iarraidh an sócmhainní seo uile a cheannach thar a luach. Tá an luach sin le hoibriú amach fós. Ach is luach é a bheidh i gcoibhneas leis an méid airgid a bheifí ag súil a fháil ar na sócmhainní sin dá ndíolfaí arís iad, abair i gcionn ceithre nó cúig bliana.

Nílim in ann a rá; agus táim cinnte go rachaidh an argóint ar aghaidh is ar aghaidh. Níl ionamsa ach leabharlannaí. Ach de bharr mé a bheith sáite sna leabhair, níor chuala mé argóint Uí Chuív cheana agus chuaigh sé i gcion orm. Anois ar ais chuig na leabhair chéanna nó déarfar gur cancrán mé agus nach dtuigim céard faoi a bhfuilim ag caint.

7 commentaires:

  1. Chuala an argóint chéanna uaidh. Is annamh chomh soiléir é, mar Aire.

    Táimid i ngalar na gcás feictear dom, de bharr an barántas a thug an rialtas, beidh muid thíos le caillteanas na mbanc bealach amháin nó eile.

    Ar a laghad, le NAMA, beidh sochmhainní éigin i selibh an Stáit.

    RépondreSupprimer
  2. Is maith ann do thuairim, a Chailliomachais, mar aon le tuairim gach duine eile, mar níl a fhios ag aon duine againn, eolach nó aineolach, cén deireadh a bheidh leis an scéal ar leith seo.

    RépondreSupprimer
  3. Go raibh maith agaibh. Tugann sin misneach éigin dom. Is ea, tá a laghad eolais gach duine faoina bhfuil romhainn - fiú ag lucht NAMA féin - gur fearr éisteach le hoiread tuairimí agus is féidir.

    RépondreSupprimer
  4. Bhí an tAire cóir ag caint faoi "tob-reiceanna" (Fire-sales) de shócmhainní an ea?
    An-ghreannmhar.
    Seo an fear sop a chruthú an rialtas agus lucht Nama leis an bhfear sop céanna a leagadh arís. Mar a rinne sé ar RnaG de réir chosúlachtaí.

    Níl éinne, agus deirim é sin le muinín, níl éinne .i. dóibh siúd atá in aghaidh bheart an rialtas, ar son tob-reiceanna ar thithe agus mhaoine.

    Maidir lena luacháil, seo ceann den na fadhbanna is mó le NAMA. Beidh an cúram amháin ar an Roinn Airgeadais agus an tAire Lenihan féin an luacháil seo a dhéanamh, agus táid ag maíomh go mbeadh an luacháil seo déanta go fadtéarmach .i. ina thuairim beidh luach na sócmhainní níos airde arís i gceann 20 bliain srl. N'fheadar cén fáth a bhfuil an tAire ag caint faoina luach i gceann ceithre nó cúig bliana!
    Déarfainn nach dtuigeann an tAire Gaeltachta cad is NAMA ann!

    Ach mar a dúirt mé, níl ann sa mhéid sin go léir á rá ag an Aire ach fear sop.
    Tá an fear sop ann ionas nach dtosódh díospóireacht faoi mhalairt pleananna mar a leagadh síos ag Patrick Honohan, Karl Whelan srl.
    Go bhfios dom tá ar a laghad 3 plean éagsúil curtha ar fáil a bheadh níos oiriúnaí agus níos fearr don cháiníocóir. Agus dála an scéil tá an drochbhanc NAMA i ngach cheann acu, ach, tagann sé i bpáirt le náisiúnú na mbanc.

    Aonghuis, tá an barántas críochnaithe i gceann bliana.

    RépondreSupprimer
  5. Go raibh maith agat a Dhubhaltaigh. Díospóireacht a theastaíonn go cinnte. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil mearbhall orm. Ná ní chabhraíonn ailt i nuachtáin mórán liom. Cén fáth nach féidir le polaiteoirí (ar gach taobh) a bheith t r é d h e a r c a c h? Ní cosúil gurbh fhéidir leo fiú dá mbeadh a mbeatha ag brath air. Tá beatha eacnamaíoch na tíre i dtreis agus, más fíor duit, níl deireadh fós le polaiteoirí ag beartú scáthán agus ag scaipeadh deataigh.

    RépondreSupprimer
  6. Tuige go gceapann tú gur mhaith leis an Aire Airgeadais a bheith trédhearcach ar chor ar bith.
    Tá an beart NAMA chomh mór sin agus chomh contúirteach gur chóir go mbeadh reifreann ann agus seans ag na polaiteoirí a scéal féin a mhíniú agus é a chur ina luí orainn gurb é seo an treo ceart le dul.

    Ach ní bheidh a leithéid de díospóireacht óir tá an plean NAMA lochtach agus chaillfeadh éinne á argóint ar a son an díospóireacht sin.

    Scríobhas alt do Nuacht24 an tseachtain seo caite ag iarraidh míniú gairid a dhéanamh ar na pleananna éagsúla ach ní raibh eagrán ann, chuir mé in eagar é agus tá súil agam go mbeidh sé le léamh an tseachtain seo.

    RépondreSupprimer